Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 16 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 263:

I leathanach 33, idir línte 8 agus 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht

8.Leasaítear alt 29 den Phríomh-Acht trí “den Acht seo, nó fhorálacha aon achtacháin, nó aon fhorálacha áirithe d’aon achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla,” a chur in ionad “den Acht seo,”.”.

Maidir le leasú Uimh. 263 de chuid an Rialtais, mhol an leasú roimhe seo cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireacháin a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla. Ceadaíonn an leasú seo don choimisinéir tráchtaireachtaí a sholáthar ar an gcaoi a measann sé nó sé a bheith iomchuí. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gCoimisinéir Teanga maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 amháin, cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtachán eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Tabharfaidh an chumhacht bhreise seo deis don Choimisinéir Teanga a chuid tuairimí i leith reachtaíocht eile a bhaineann leis an nGaeilge agus an chaoi ina bhfuil an reachtaíocht sin á comhlíonadh a chur os comhair an phobail. Is dul chun cinn suntasach é seo a chinnteoidh go bhfuil reachtaíocht eile a bhfuil tionchar aici ar an nGaeilge á cur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.