Oireachtas Joint and Select Committees
Friday, 16 April 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 262:
I leathanach 33, idir línte 8 agus 9, an méid seo a leanas a chur isteach: "Leasú ar alt 21 den Phríomh-Acht
8. Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a)"(aa) faireachán a dhéanamh, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, ar chomhlíonadh aon achtacháin eile ag comhlachtaí poiblí, is achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla,".".
Is leasú de chuid an Rialtais é leasú Uimh. 262. Molann an leasú seo cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla. Ceadaíonn sa chéad leasú eile don Choimisinéir Teanga tráchtaireachtaí a sholáthar ar an gcaoi a mheasann sé nó sí a bheith iomchuí. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gCoimisinéir Teanga maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla amháin, cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtacháin eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is dul chun cinn mór a bheidh anseo don Choimisinéir Teanga agus cuirfidh sé go mór le comhlíonadh dualgais teanga ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí de. Molaim an leasú seo don Teach.
No comments