Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 16 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo thacaíocht don Teachta Ó Snodaigh a chur in iúl go sciobtha maidir leis na leasuithe seo. Bímid ag brath ar dhaoine eile taobh amuigh den Dáil, na daoine ar an talamh agus na saineolaithe. Ba mhaith liom an t-alt a scríobh Pádraig Breandán Ó Laighin cúpla mí ó shin i gComhara lua agus is é an ceannteideal a bhí ar an alt ná: “An tseachantacht ina orlaí tríd”, is é sin tríd an mBille seo. Tá sé soiléir go bhfuil an tseachantacht, an cur i gcéill agus an méar fhada anois fite fuaite tríd an mBille seo. Má leanfaimid ar aghaidh ansin beidh an tseachantacht seo ar stádas oifigiúil agus mar chuid den dlí. Is mór an trua agus an náire é sin agus tá sé deacair glacadh leis nuair atá deis iontach againn Bille láidir a bheith ann. Impím ar an Aire Stáit breathnú air seo.

Táimid ag obair anseo i bhfolús. Tá an Bille atá os ar gcomhair lag amach is amach agus táimid ag iarraidh le leasuithe éagsúla an Bille a láidriú. Tá formhór díobh rialaithe as ord agus cuid eile nach bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leo. Beimid ar ais arís sa Dáil le ham a bheidh i bhfad níos srianta chun díriú isteach orthu siúd. Is é an rud atá ag teastáil ón Rialtas, b’fhéidir, ná go mbeidh an t-am níos srianta ach is é seo an t-aon deis a bheidh againn na rudaí a phlé. Ba mhaith liom mar sin mo bhuíochas a chur in iúl do tuairisc.ieas ucht an ailt a scríobhadh ann faoin monarcha i dTír Chonaill. Gabhaim buíochas freisin leis na saineolaithe agus na gnáthdhaoine ar an talamh atá ag cur in iúl dúinn gach lá go bhfuil géarchéim i gceist agus gur gá rud a dhéanamh. Is í an tseachantacht an focal is córa a rá anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.