Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 16 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuireann leasú Uimh. 206 béim ar úsáid na Gaeilge in ionaid oibre agus tá leasú eile maidir leis seo as ord. Beidh muid ag teacht ag an gceann sin. Nuair a fuaireamar an freagra ón Aire Stáit inné dúradh linn nach raibh sé chun glacadh le leasú Uimh. 206 agus tá an leasú eile níos faide siar as ord. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach. Foilsíodh alt ar tuairisc.ieinné nó inniu maidir le meamram. An cheist ná cén baint atá aige sin leis an díospóireacht seo. Seo meamram a dáileadh laistigh de chomhlacht mór atá ag fáil airgid ó Údarás na Gaeltachta. Deir an meamram, i mBéarla uilig, bac a chur ar úsáid aon teanga ach amháin Béarla san ionad oibre. Is fiú é a léamh. An teideal atá air ná “Use of English Language”:

Dear All,

You must be mindful work colleagues [gabh mo leithscéal as ucht an Bhéarla] can feel isolated and excluded if you are speaking a different language around them. English must be spoken at all times in the workplace, whether you are discussing work or having a casual conversation with a fellow staff member.

To facilitate effective communication between everyone ...

Déarfaidh mé i nGaeilge é. Chun cumarsáid éifeachtach a éascú go háitiúil agus go hidirnáisiúnta, tá sé riachtanach go mbeidh an fhoireann ag caint go scríofa agus orally trí Bhéarla gach uair - "at all times". Deir sé, "Failing to do so is not acceptable."

Tá alt scríofa ar tuairisc.ieag cur síos ar an rud seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbreathnaíonn an tAire Stáit arís ar an leasú seo agus an leasú eile atá as ord. Tá an cur i gcéill agus cad atá i gceist nochta anois os ár gcomhair. Táimid ag iarraidh an Bille seo a láidriú agus ag an am céanna tá an suíomh Idirlín maidir le vaccination i mBéarla amháin. Coicís ó shin, díreach roimh an Cháisc, foilsíodh tuarascáil thar a bheith tábhachtach faoi chúrsaí tuaithe i mBéarla amháin. Níl aon leagan Gaeilge ann. Anois cloisimid an scéal faoin gcomhlacht seo. Níl ainm an chomhlachta luaite ach de réir mar a thuigim ón tuairisc is comhlacht mór é atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta agus airgead á fháil aige ó Údarás na Gaeltachta. Tá ceist le freagairt ag Údarás na Gaeltachta freisin. Ag an bpointe seo stopfaidh mé agus b’fhéidir go mbreathnóidh an tAire Stáit arís ar an leasú seo agus an leasú eile atá as ord. B’fhéidir go bhfuil m’fhoclaíocht mícheart nó nach bhfuil an leasú curtha i gceart ach tá an rud atá taobh thiar de chomh bunúsach, sé sin, go bhfuil sé de cheart ag oibrithe Gaeilge - a dteanga féin agus a dteanga dhúchais - a úsáid. Níl de cheart acu í a úsáid faoi láthair. Sin mar a fheicimse. B’fhéidir go bhfuil mé mícheart. Fanfaidh mé le freagra an Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.