Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh maidir le leasú Uimh. 189. Tá go leor cásanna anois ina bhfuil dreamanna áirithe ag feidhmiú thar ceann an Stáit ag cur seirbhísí poiblí ar fáil. Is seirbhísí poiblí iad. Ní comhlachtaí poiblí per seiad go leor de na heagrais seo. Táim ag caint faoi leithéidí Seetec agus dreamanna mar sin. Ba cheart go mbeadh na caighdeáin chéanna ag baint leo. Mura mbaineann, beidh bealach éalaithe ag eagraíochtaí nach bhfuil ag iarraidh plean Gaeilge a chur i bhfeidhm trí tharmligean a dhéanamh ar na rudaí sin do chomhlachtaí taobh amuigh. Caithfidh an tAire Stáit breathnú air sin.

Maidir leis an gceist faoi "féadfaidh" agus "déanfaidh", b'fhéidir go bhféadfadh an tAire Stait soiléiriú a thabhairt. Táimid ar ais ag an tseanargóint. Más "déanfaidh" atá ann, déanfar uair amháin é, más "féadfaidh" atá ann, d'fhéadfaí é a dhéanamh arís agus arís eile le haicmithe éagsúla agus le comhlachtaí éagsúla, de réir mar is gá. Is féidir forordú a dhéanamh agus ansin forordú eile, atá níos tréine agus níos láidre, a dhéanamh. Is é an gnáthnós atá ann an leagan "féadfaidh" a úsáid nuair atáthar ag tabhairt cumhacht d'Aire gur féidir í a úsáid arís agus arís eile gan teorainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.