Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 2 March 2021
Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement
The Irish Language and the New Decade New Approach Agreement: Conradh na Gaeilge
Dr. Niall Comer:
Gabhaim buíochas leis an choiste as cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo inniu. Ar dtús, is mian liom, thar ceann Chonradh na Gaeilge, buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an fháilte agus an deis a bheith anseo inniu chun cás na Gaeilge mar atá sé ó Thuaidh a phlé.
Sula dtosaímid an plé sin, is ceart dom a lua, mar atá a fhios ag na baill, gur cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge 2021 inné, 1 Márta, agus beidh féile na bliana seo ag dul ar aghaidh go dtí Lá Fhéile Pádraig. Táimid an-sásta go bhfuil an t-imeacht seo ag titim amach i rith Sheachtain na Gaeilge. De dheasca cúrsaí paindéime, tá Seachtain na Gaeilge i mbliana á reáchtáil beagnach go hiomlán ar líne. Beidh scoth imeachtaí ar fáil agus iarraim ar na baill mar pholaiteoirí iarracht ar leith a dhéanamh i mbliana an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn go háitiúil, sa pháirtí, agus i gcruinnithe Rialtais nuair a bhíonn an deis acu. Beidh Conradh na Gaeilge agus foireann Sheachtain na Gaeilge ar fáil chun tacú leo é sin a dhéanamh.
Mar atá a fhios ag na baill, baineann ár dtéama cainte agus an plé inniu le ceisteanna cearta teanga ó Thuaidh. I gComhaontú Aoine an Chéasta 1998, gealladh go mbeadh ré úr comhionannais don Ghaeilge ó Thuaidh. Tugadh coimitmintí sonracha agus láidre maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint. Ina measc, gealladh go mbeadh beart diongbháilte á dhéanamh leis an teanga a chur chun cinn; úsáid na teanga a éascú agus a chur chun cinn ó bhéal agus i scríbhinn sa saol poiblí agus príobháideach araon nuair a bhíonn an ráchairt chuí ann; féachaint, nuair is féidir, le constaicí a chuirfeadh beaguchtach ar nó a chuirfeadh in éadan chothabháil nó forbairt na teanga a shárú; agus dualgas reachtúil a chur ar an Roinn Oideachais leis an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus a éascú ar an dóigh chéanna a ndéantar i gcás an oideachais imeasctha.
In ainneoin na gcoimitmintí seo, cuireadh baic leanúnacha roimh phobal na Gaeilge an teanga a úsáid agus rinneadh ionsaithe leanúnacha orthu siúd a roghnaigh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge ó lá go lá. Leis sin, tháinig brú ón phobal féin cearta Gaeilge a lárú sa dlí agus reachtaíocht teanga a bhaint amach den chéad úr riamh ó Thuaidh.
Ag éirí as na hiarrachtaí sin, mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn in 2006, gealladh go soiléir “go dtabharfaidh [...] Rialtas [na Breataine] isteach Acht Gaeilge ina léireofar taithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh sé i gcomhpháirt leis an Fheidhmeannas [...] le forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.” Is coimitmint í sin nár comhlíonadh riamh. Ar an drochuair, faoin am a tháinig an toghchán Tionóil in 2016, bhí trí iarracht caillte sa tréimhse deich mbliana sin Acht Gaeilge a thabhairt isteach. Tháinig an cheist os comhair an Tionóil trí huaire agus rinneadh comhairliúchán poiblí ar an ábhar faoi thrí; gach uair, bhí tacaíocht ó thromlach mór ar son cearta teanga ach cuireadh bac ar aon dul chun cinn sa Tionól féin. A bhuí le hiarrachtaí phobal na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge, d’éirigh linn tromlach na bpáirtithe sa Tionól a spreagadh chun tacú leis an Acht Gaeilge neamhspleách, rud arb ionann agus 50 as 90 comhalta thar cúig pháirtí éagsúla.
Ag an phointe seo fosta a thosaigh feachtas An Dream Dearg, a threisigh an feachtas #AchtAnois agus a thiomáin go croílár an dioscúrsa polaitiúil é ó Thuaidh agus a chuir cearta teanga ó Thuaidh ar bharr chlár na gcainteanna sna próisis idirbheartaíochta idir 2017 agus 2020. Le teacht Eanáir 2020, baineadh amach coimitmint nua do reachtaíocht Gaeilge sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua. Fríd an reachtaíocht sin, bhunófaí oifig coimisinéara teanga agus caighdeáin theanga dhea-chleachtais. Cé nach raibh gach rud ann sa chomhaontú - agus creid uainn, níl sé ar an phíosa reachtaíochta teanga is fearr a scríobhadh riamh, ná baol air - is deis atá ann tús dáiríre a chur le cosaint reachtúil na teanga ó Thuaidh, rud atá thar a bheith stairiúil ann féin. Bunaíodh go leor de na forálacha a cuireadh san áireamh sa reachtaíocht ar mholtaí a rinne Conradh na Gaeilge leis na páirtithe agus leis an dá Rialtas le blianta anuas.
Gealladh go mbeadh an reachtaíocht teanga i bhfeidhm laistigh de 100 lá ón chomhaontú a bheith aontaithe. Ar an drochuair, is rud é sin nár tharla. Gealladh fosta go mbeadh an straitéis Ghaeilge a gealladh mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn 2006 i bhfeidhm laistigh de sé mhí, rud eile nár tharla. Breis agus bliain ar aghaidh ón chomhaontú sin anuraidh, tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht ar chomhlíonadh coimitmintí. Is iad Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine comhscríbhneoirí agus comhshínitheoirí an chomhaontaithe seo, agus cé go dtiteann sé ar an Fheidhmeannas féin é seo a chur i bhfeidhm, tá ról lárnach ag an dá Rialtas i bhfíorú na físe seo gan a thuilleadh moille. Mura ndéantar beart de réir briathair go fíorluath, tá deis mhór ann go gcaillfear amach ar a reachtaíocht teanga sa mhandáid reatha ina bhfuil muid. Má tharlaíonn sé sin, tig linn a bheith cinnte de go mbeidh an reachtaíocht Ghaeilge mar chnámh spairne idir na páirtithe sa chéad fheachtas toghchánaíochta eile ag tús 2022. Dhéanfadh sin dochar ollmhór don Ghaeilge agus do phobal a labhartha. Is mian linn é sin a sheachaint. Déanfar é sin tríd an reachtaíocht a chur i bhfeidhm anois.
Chuige sin, is mian linn iarraidh ar an choiste seo rún a rith go rachaidh an coiste i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara ar an dóigh seo a leanas: go scríobhfar chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Teachta Coveney, agus chuig Rúnaí Stáit na Breataine, Brandon Lewis MP, atá beirt mar chomhshínitheoir ar na comhaontuithe éagsúla seo, agus go scríobhfar freisin chuig Oifig an Fheidhmeannais ó Thuaidh, le héileamh orthu a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge agus an straitéis Ghaeilge a luaitear sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua gan a thuilleadh moille. Ba mhór againn dá nglacfaí leis an rún seo. Beidh Conradh na Gaeilge sásta comhoibriú leis an choiste na bearta sin a chur i gcrích agus ina chuid iarrachtaí eile coimitmintí ar son na Gaeilge, teanga na tíre seo, i gComhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach chomh luath agus is féidir. Gabhaim míle buíochas le baill an choiste as ucht a gcuid ama a thabhairt dúinn ar maidin.
No comments