Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 March 2021

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

The Irish Language and the New Decade New Approach Agreement: Conradh na Gaeilge

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael) | Oireachtas source

Táimid ag tosú an chruinnithe sa Dáil inniu. Ós rud é gur Seachtain na Gaeilge atá ann, d’iarr mé ar chléireach an choiste go mbeadh seirbhís curtha ar fáil d’aon duine a theastódh sí uaidh nó uathaí. Aon duine nach bhfuil Gaeilge acu, beimid ag caint trí Bhéarla freisin. Beidh an cruinniú dátheangach ach tá sé an-tábhachtach go mbeidh an bhéim, más féidir, ar an nGaeilge, ach tuigim nach bhfuil Gaeilge ag gach duine, ach go háirithe.

I asked cléireach an choiste go mbeadh seans ag daoine Gaeilge a labhairt agus go mbeadh translation service ann do gach duine, that anybody who wished to speak Irish could do so and that if they did people would not be at a disadvantage, because the Oireachtas has a simultaneous translation service. I appreciate and understand that people who are not in this physical building or in this room may not understand all of the Irish, so beidh an cruinniú dátheangach. We will try to conduct this meeting bilingually but giving a priority, if I can, to Gaeilge más féidir é sin a dhéanamh as ucht na seachtaine atá ann.

Tá apologies faighte agam ó na Teachtaí Jennifer Carroll MacNeill agus James Lawless, Claire Hanna MP agus Michelle Gildernew MP. Is féidir le Baill an Oireachtais a bheith istigh san áit seo nó is féidir leo a bheith ina noifigí i dTeach Laighean. Remote participation from outside the Leinster House campus is not possible. Participants are asked to keep their microphones muted unless they are contributing. Simultaneous interpretation is provided for those participating in the Dáil Chamber.

I propose to call members in the following order and time limits, repeating as time allows: ten minutes for larger parties and groups and five for smaller parties to include questions and answers. I will try to rotate the speakers and if it is acceptable, we will take Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin, the SDLP, the Alliance Party, the Green Party, Labour and Independents. Does anybody have any questions on that? Níl ceist ag aon duine, mar sin leanfaimid ar aghaidh leis an roinnt sin.

Cuirim fáilte speisialta roimh Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge, Dr. Niall Comer, uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus Conchúr Ó Muadaigh agus Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge.

Caithfidh mé ráiteas a léamh agus déanfaidh mé mo dhícheall é a léamh as Gaeilge. I must read the following statement on privilege to gach daoine. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann na finnéithe faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó leis na hoifigigh ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint. Glaoim anois ar an Dr. Niall Comer a ráitis a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.