Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 2 March 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)
Pa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source
Cinnteoidh na leasuithe seo go n-úsáidfidh comhlacht nua an t-ainm Gaeilge nó an dá ainm, Gaeilge agus Béarla, in aon chomhfhreagras. Táimid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge faoi láthair. Ba chóir go mbeadh aitheantas agus féinmhuinín acu sa Ghaeilge. Bheadh gach aon duine sa seomra seo in ann ticéad traenach a cheannach ar bahn.desa Ghearmáin. Má tá aon fhéinmhuinín ionainn féin beimid in ann é a úsáid in Éirinn chomh maith.
Bhíos i Mala an tseachtain seo caite agus bhí na cloig ann uair chun tosaigh. Bhí a fhios agam go raibh independent republic acu i gContae Chorcaí ach ní raibh a fhios agam go raibh time zone eile acu chomh maith. Sin fadhb eile. Ba chóir go mbeimis in ann traein nó booking a fháil as Gaeilge leis na Billí seo agus le An Post nó Bord Gáis nó áiteanna eile mar sin.
No comments