Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 16 February 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil).
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 49:
I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht
4.Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):“(4) Déanfaidh gach comhlacht poiblí 20 faoin gcéad dá chuid fógraíochta in aon bhliain ar leith, lena n-áirítear fógraíocht tráchtála, fógraíocht ar líne, fógraíocht scríofa, fógraíocht fuaime, fógraíocht físe agus eile, trí mheán na Gaeilge agus déanfaidh gach comhlacht poiblí 5 faoin gcéad dá chuid fógraíochta in aon bhliain ar leith ar na meáin Ghaeilge.”.”.
Caithfidh mé treoir a lorg ón gcléireach ach go bhfios dom, tá sé de chead ag an gCathaoirleach gan glacadh leis an treoir ó Oifig na mBillí. Is treoir atá i gceist seachas rud gur gá dúinn a dhéanamh. Táim sásta glacadh leis an leasú seo agus caint nó plé a bheith againn faoi, ar a laghad, ach b’fhéidir nach nglacfaimid vóta ag an deireadh. An t-aon mhíbhuntáiste anseo ná nach bhfuil an tAire Stáit ullmhaithe dó toisc nach raibh sé sa liosta de na leasuithe a bhí ceadaithe. B’fhéidir go mbeadh sé sásta rud éigin a rá ar aon chaoi.
No comments