Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 February 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní raibh mé ag súil le haon athrú poirt ón státchóras. Ach go háirithe le 30 nó 40 bliain anuas, tá an státchóras tar éis bogadh i dtreo go mbeadh aird ag an státchóras ar an nGaeilge agus ar na héilimh, seachas go mbeadh sé ag déanamh cinnte de go bhfuil an soláthar ar fáil. Is léir dúinn cheana féin an titim tubaisteach atá tagtha ar an leibhéal Gaeilge i measc siúd a bhíonn ag cleachtadh dlí sa tír seo. Tá sé sin tarlaithe toisc nach bhfuil an cheannasaíocht sin á thabhairt ag an Rialtas nó nach bhfuil sé de chaighdeán nó de choinníoll dóibh agus iad ag cleachtadh dlí ag aon leibhéal go mbeadh an Ghaeilge acu.

Tréaslaím leis an Aire Stáit go bhfuil tacaíochtaí ar fáil. Gan na tacaíochtaí sin bheadh an cás i bhfad Éireann níos tubaistí ná mar atá sé. Seachas go bhfuilimid ag braith ar dhaoine agus ar dhea-thoil a bheith acu ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir a mhalairt a bheith fíor. Tá mise den tuairim, muna bhfuil an Stát sásta a leagan síos go sonrach cad é an íoschaighdeán ar chóir go mbeadh acu siúd a bhíonn ag cleachtadh dlí ag na leibhéil difriúla ó gharda, dlíodóir, abhcóide, breitheamh agus breitheamh san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Uachtarach, go bhfuil ag teip ar an Stát. Is léir é sin toisc nach féidir le muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta braith ar sheirbhísí a fháil ón Stát, ach amháin ualach sa bhreis a chur orthu féin.

Sin í an fhadhb is mó. Má tá mise ag lorg cás dlí a bheith tógtha as Gaeilge, tá a fhios agam ó thús go bhfuil gá dom dul as mo bhealach chun Gaeilgeoirí a fháil. Tá a fhios agam nach féidir liom dul síos go dtí na cúirteanna agus teacht ar dhlíodóir nó ar abhcóide le Gaeilge go huathoibríoch. Tá mé in ainm is a bheith in ann sin a dhéanamh más córas dhátheangach atá i gceist nó má tá córas ann go bhfuil meas aige ar an nGaeilge.

Níl tús áite á thabhairt don Ghaeilge in ainneoin go bhfuil tús áite tugtha di sa Bhunreacht. Mar sin, conas gur féidir leis an gcóras dlí meas ceart a bheith aige ar an mBunreacht muna bhfuil an meas sin aige ar phríomhtheanga na tíre agus muna bhfuil sé ag tabhairt tús áite di? An tseachtain seo caite, labhair muid faoin easpa túis áite don Ghaeilge ó thaobh Tithe an Oireachtais de agus sin rud a bheimid ag filleadh air.

Nílimid ag tabhairt tús áite don Ghaeilge i dTithe an Oireachtais cheana féin nó sa chóras dlí. Tá sí sa dara grád. Tá an dá chuid den chóras poiblí sin cheana féin ag teacht salach ar a ndualgais faoin mBunreacht i mo thuairim agus i dtuairim iad siúd atá tar éis cásanna a thógáil sna cúirteanna.

Níl sé maith go leor a rá go dtógfaidh breitheamh - nó King’s Inns nó a leithéid - aird agus go ndéanfar gach beart réasúnta. Is í sin an fhadhb. Táimid ag fanacht le bearta réasúnta uathu siúd atá i gceannas agus i mbun ceapachán na mbreithiúna. B'fhéidir go bhfuil siad ag tabhairt airde dó ach níl siad ag tabhairt suntas ceart dó mar níl sé leagtha síos go mbeidh orthu caighdeán nó leibhéal áirithe Gaeilge a bheith acu. Is é sin ceann de na chéad choinníollacha ar ghá d’aon iarrthóir a bheith aige nó aici do phost mar bhreitheamh sna cúirteanna. Mura bhfuil sé sin ann, beidh sé cosúil le gach rud eile a thugtar aird dó, mar shampla, an aois, an cháilíocht dhlí atá acu, an scoil a ndeachaigh siad ann, cén gnéas atá acu, agus a leithéid. Is í sin an fhadhb. Nuair a thugtar aird dó, ní gá é sin a chomhlíonadh. Is féidir le daoine a rá gur thug siad aird dó ach go raibh triúr fear os a gcomhair gan Gaeilge a bheith acu agus bhí orthu duine a roghnú. Níl sé sin maith go leor. Is ceart go mbeadh sé sin ina choinníoll agus tosóidh athrú ansin. Ní díreach ó thaobh an cháis seo de, agus ó thaobh na Cúirte Uachtaraí de, atá i gceist agam - is rud é ba chóir a bheith i gceist i gcoitinne sa státchóras. Mura bhfuilimid sásta céim suas nó chun tosaigh a thabhairt don Ghaeilge, tá an ísle brí ina bhfuil an Ghaeilge chun leanúint ar aghaidh.

Táim den tuairim gur gá dúinn é seo a chur isteach sa Bhille seo. Táim anseo breis is 18 mbliana anois, agus gach uair a lorgaím rud, go minic deirtear liom go mbeidh an rud sin san Acht seo nó d’fhéadfaimis déileáil leis san Acht siúd. Ní tharlaíonn sé go minic agus bíonn trí, ceithre nó fiú deich mbliana imithe. Sa chás seo, táimid ag caint faoi cé mhéad bliain ón uair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i réim. Ag an am sin, fiú amháin, dúradh linn go ndéanfar déileáil leis seo sa chéad Acht eile nó trí ionstraim reachtúil nó a leithéid. Níor tharla sé. Is é an t-aon bhealach chun a bheith cinnte go dtarlóidh sé ná tríd é a chur sa reachtaíocht agus is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo os ár gcomhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.