Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 February 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní bheadh mise sásta le leasú Uimh. 22 ar bhealach ar bith. Lagaíonn sé, ar dhá chúis, stádas na Gaeilge agus stádas an Oireachtais. Maidir le stádas an Oireachtais, ó tharla gurb é an tOireachtas an pharlaimint atá bunaithe faoi Bhunreacht na hÉireann, luíonn sé le nádúr go mbeadh stádas bunreachtúil na teanga mar bhunchuid d'fheidhmiú an Oireachtais. Breathnaíonn sé seo gur ionann an Ghaeilge agus an Béarla seachas gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga, seachas an chéad teanga, agus go nglactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

Maidir leis an dara ceist a d'ardaigh an Teachta, ceist faoi "beidh" agus "tá", bhreathnaigh mé ar an leagan Béarla. Beidh píosa spraoi againn leis an dréachtóir parlaiminte maidir leis seo. Sa leagan Béarla, deirtear "A member of either House of the Oireachtas has". Úsáidtear an aimsir láithreach. Ná habair cén bealach inar tiontaíodh an t-aistriúchán ach deirtear sa leagan Gaeilge "Beidh ceart ag comhalta". Táim cinnte go bhfuil cúis leis sin ó thaobh an teanga de agus go bhfuil baint aige le teangeolaíocht de shaghas éigin. Fágfaidh mé faoin Aire Stáit a mhíniú cén fáth gur "beidh" atá ann seachas "tá" sé de cheart. Is dóigh liom go mb'fhéidir go bhfuil an "beidh" níos láidre agus níos sonraí ná mar atá an Béarla. Tá sé ag rá ní hamháin go bhfuil ach go mbeidh as seo amach. Breathnaíonn "tá" gur rud é atá ann i láthair na huaire ach b'fhéidir nach mbeidh. Fágfaidh mé sin faoi shaineolaithe teanga agus dlí.

Maidir leis an bprionsabal atá taobh thiar den chuid eile, nílim cinnte go bhfuil coistí éigin a bhunaigh an tOireachtas ann nach bhfuil clúdaithe faoi alt 6(2). Ag an am, ceapadh gur chlúdaigh sé chuile shórt. Tá sé ag caint ar Thithe an Oireachtais agus a gcoistí, a gcomhchoistí agus a bhfochoistí agus ar an gceart atá ag daoine Gaeilge nó Béarla a úsáid os a gcomhair. Bheadh spéis agam a fháil amach ón Teachta Ó Snodaigh go díreach cén cineál coiste eile a bunaíodh sa Teach seo a cheapann sé nach bhfuil clúdaithe sa sainmhíniú sin. B'fhéidir, dá mbeadh sé sin sonraithe, dhéileálfadh an tAire Stáit leis freisin.

Aontaím le rud eile. B'fhéidir go mba cheart smaoineamh ar tuilleadh rudaí a shonrú. Shonraigh muid an ceart labhartha agus na tuairiscí oifigiúla. Ní dheachaigh an Teach deiridh níos faide ná sin ach d'fhéadfaí a shonrú ansin go bhfuil sé de cheart ag Baill den Oireachtas go ndéanfar aistriúchán comhuaineach ar aon ráiteas a dhéanann siad i nGaeilge. Bheadh sé sonrach céard atá i gceist againn a dhéanamh. Dar liom, tá an tionchar a bheadh ag leasuithe Uimh. 22 agus 23 sách débhríoch. B'fhéidir gur féidir gach rud a chuirtear ar na scáileáin a aistriú. Mura bhfuil i gceist na rudaí sin, an ceart go mbeadh aistriúchán ann agus mar sin de, a chur isteach anois, ba cheart rud éigin a dhéanamh fúthu.

Nuair a thagann an comhchoiste ar ais agus an roghchoiste tar éis an Bille a phlé, beidh mé ag moladh dó go mbreathnódh sé ar phlean Gaeilge an Tí agus go ndéanfadh sé moltaí láithreach le leasuithe a dhéanamh ar nósmhaireacht an Tí i dtaobh na Gaeilge. Mar a dúirt mé, nuair a bhí an plean deireanach á réiteach, chas mé le feidhmeannach de chuid Thithe an Oireachtais agus luaigh mé roinnt rudaí, go mórmhór na scáileáin. Sílim go bhfuil pribhléidí áirithe againn anseo ó thaobh na Gaeilge agus, ar ndóigh, ó thaobh seirbhísí idirphearsanta. B'fhéidir nach bhfuil sé chomh láidir sin.

Déanann daoine áirithe an-iarracht, mar shampla, na huiséirí, atá thar cionn. Má thagann scoil lán-Ghaelach isteach, déantar iarracht macánta a dhéanamh cinnte go bhfuil duine le Gaeilge ann le labhairt leis na gasúir. Déanann sé sin an-difir go deo. Tugann sé an-deashampla. Ní bhíonn fadhb ar bith ann le ceisteanna. Cuirim ceisteanna parlaiminte, nó ceisteanna Dála mar a thugtar orthu go coitianta, i nGaeilge agus i mBéarla ar chuile Roinn. Ní bhíonn siad uilig faoin nGaeilge. Cuirim ceisteanna faoi chuile chineál ruda ar chuile Roinn. Go minic, braitheann sé ar cé atá ag tógáil na ceiste. Má thógann duine as an nGaeltacht ceist, cuirim síos i nGaeilge í. Déanaim amhlaidh leis an Roinn Airgeadais, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus mar sin de. Gheofar freagra i nGaeilge. Corruair, faightear freagra i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí sé de nós ag an Roinn Oideachais é sin a dhéanamh, rud a chur olc orm. Nuair a chuir mé ceist i mBéarla, bhí olc an tsaoil orm nach fuair mé freagra i nGaeilge freisin. Níl a fhios agam cén fáth go raibh an Roinn ag déanamh an oiread sin cúram díom nuair a chuir mé ceist i nGaeilge ach nach raibh sí ag déanamh leath an oiread cúraim nuair a chuir mé síos ceann i mBéarla.

Ó thaobh na tuairiscí a chuirtear isteach anseo mar gheall ar eiticí, is féidir leaganacha Gaeilge dóibh a fháil ach glacaim gur i mBéarla amháin atá go leor de na foirmeacha eile a thagann amach. Creidim go bhfuil go leor oibre le déanamh.

Dúinne, atá dáiríre faoi úsáid na Gaeilge go laethúil agus nach bhfuil ag iarraidh cur isteach ar reachtaíocht agus í a fhágáil ansin, agus atá ag iarraidh feidhm a bhaint as na rudaí seo, tá rudaí atá go maith agus tá laigí praiticiúla ann. Ba cheart dúinn díriú orthu sin sa Bhille seo nó trí cheist a ardú agus, más gá, Buan-Orduithe na Dála a athrú, le go mbeidh na cearta seo scríofa sna Buan-Orduithe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.