Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 18 November 2020
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Dátheangacha agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020: Foras na Gaeilge
Mr. Seán Ó Coinn:
Maidir leis an mBille é féin, ceann de na fáthanna a bhfuilimid chomh oscailte sin ná, aithnímid go bhfuil an-obair déanta ar an mBille agus ní mar cháineadh a rinneamar ár moltaí. B'fhéidir gur bealaí iad chun an Bhille a fheabhsú agus a láidriú. Aithnímid gur deis annamh í seo agus gur ghlac sé tamall fada de bhlianta don Bhille theacht ag an staid seo. Is dóigh go mbeidh sé tamall an-fhada arís sula mbeidh an deis seo againn amach anseo. Nuair a bhí an fanacht chomh fada sin dár linn gur b’fhearr dúinn gach iarracht a dhéanamh Bille chomh láidir agus is féidir a bheith againn.
Déanfaimid taighde maidir leis na smachtbhannaí, idir chúrsaí teanga i dtíortha eile agus comhlachtaí eile nó reachtaíocht eile sa tír.
Maidir leis na haip, meabhraím go bhfuil ceann ann do teanglann.ieso is féidir aip a fháil le Foclóir Uí Dhónaill agus Foclóir de Bhaldraithe ann.
No comments