Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Dátheangacha agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020: Foras na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gheobhaidh siad doorstop an-mhaith anseo. Bhí foclóirí éagsúla againn thar na blianta atá deacair iad a úsáid ach tá sé seo an-tarraingteach agus mar a luadh, téann sé leis an aip. Creid nó ná creid, ní raibh a fhios agam go raibh an aip ann go dtí gur léigh mé an méid a bhí curtha os ár gcomhair. Bhí mé ag úsáid focloir.ieagus gach ceann eile ar an suíomh Idirlíne ach tá an aip agam ó mhaidin agus tá sí úsáidte agam cúig huaire cheana féin inniu. Sin cé chomh háisiúil atá sí dúinne. Bímse ag troid i gcónaí maidir leis an cur chuige agus an tacaíocht a fhaigheann muid mar Theachtaí Dála agus mar Sheanadóirí ó thaobh na Gaeilge de. Níl an cur chuige chomh maith agus a chóir go mbeadh sé san áit seo.

Mar is eol do na finnéithe, bhí mé ag obair i bhForas na Gaeilge fadó agus i mBord na Gaeilge roimhe sin, ar feadh tréimhse bheag de mo shaol. Bhí ceisteanna ann nuair a bhíodar ag athrú ón mbord go dtí an bhForas, agus fiú nuair a bhí mise ann, ag fiafraí an raibh an caighdeán ceart ag na gráid agus na daoine a bhí ag obair ann agus an raibh an tuarastal ceart acu. Má ardaítear an tuarastal, beidh costas breise ar an bhForas. Glacaim leis go bhfuil plé fós ar siúl mar gheall air sin. Cé mhéad baill foirne atá ag an bhForas anois? Bhíodh ard-mhéid ann go bhféadfadh a bheith aige. An bhfuil sé sin sroichte? An bhfuil próiseas earcaíochta i gceist nó an bhfuil sé sin curtha ar leataobh ar feadh tréimhse?

Bhí a fhios agam faoin líne chabhrach phoiblí, ach rinne mé dearmad air. Is trua é sin mar níl go leor poiblíochta déanta i measc na comhlachtaí lasmuigh. An bhfuil sé i gceist craobhscaoileadh a dhéanamh ar roinnt de na scéimeanna a liostáil an Foras? Níl mo chara Éamonn Ó hArgáin anseo agus is trua é sin mar déanann sé cur chuige maidir leis na scéimeanna seo. Ba chóir i gcónaí, ní i bhForas na Gaeilge amháin, craobhscaoileadh ceart a dhéanamh faoin obair atá á dhéanamh, an bealach gur féidir cuidiú agus an jab atá aige cuidiú le comhlachtaí agus a leithéid.

Luadh go bhfuil Foras na Gaeilge ag lorg stádas oifigiúil do Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge san earnáil phoiblí. Cad go díreach atá i gceist leis sin agus cén buntáiste a bhainfeadh leis? D’fhéadfainn a lán ceisteanna eile a chur ach táim ag féachaint ar an gclog agus deir sé go bhfuil ocht nóiméad agam sula dtagann an big bang agus go mbeidh orainn an seomra a fhágáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.