Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Dátheangacha agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020: Foras na Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ag éisteacht leis na finnéithe, is í an tuiscint atá agamsa ná gurb é bun agus barr an scéil ná nach bhfuil dóthain airgead ag Foras na Gaeilge leis an méid rudaí ar mhaith leis a dhéanamh agus go bhfuil an Foras ag iarraidh na dualgais sin a roinnt. B'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe é sin a dheimhniú ach sin an tuiscint a bhí agam uathu. Rinne na finnéithe tagairt don mhéid airgid a bhí ag Foras na Gaeilge in 2008 agus ar an laghdú a tháinig air sin.

Déarfaidh mé cúpla rud faoi airgead. An bhfuil an socrú i bhfeidhm i gcónaí go dtagann €3 ón Rialtas anseo do chuile €1 ón bFheidhmeannas ó Thuaidh agus go bhfuil eisceacht ansin i gcás na leabhair Ghaeilge agus go dtagann 100% de na leabhair Ghaeilge ón Rialtas ó Dheas? An bhfuil aon rud eile a thagann 100% ón Rialtas ó Dheas nó ón bFheidhmeannas ó Thuaidh, nó an bhfuil gach rud eile ag obair ar chóimheas €3 in aghaidh €1? Ag éirí as sin, má tá an cóimheas sin fós ann, ní leor go léimfeadh an Rialtas ó Dheas thar an abhainn ach caithfidh an Feidhmeannas ó Thuaidh léim thar an abhainn ag an am céanna. Mo chuimhne a bheith air ná, go minic, ní raibh fadhb againne ag teacht aníos le trí oiread den mhéid a bhí an Feidhmeannas ag cur ar fáil. Níl a fhios agam an bhfuil aon athrú tagtha ar an scéal seo. Ba mhaith liom soiléiriú ar an gcuid sin ar fad. Ní thuigeann daoine go bhfuil an cóimheas sin chomh rinnghéar, ach de réir mar a thuigim, sin atá ann. Níl aon airgead caipitil ag Foras na Gaeilge agus glacaim leis gur mar sin atá i gcónaí.

Tá tábhacht leis na meáin Ghaeilge, go mór mór leithéidí tuairisc.ieatá ar fáil ag pobail réasúnta mór. Tá sé éasca agus tá sé agamsa ar an bhfón mar aip agus mar sin, nuair a bhreathnaím chuile mhaidin ar rte.ienó ar thejournal.ie, breathnaím ar tuairisc.iefreisin go bhfeicfidh mé cén scéal atá ann agus is minic go mbíonn na scéalta ann níos spéisiúla ná cuid de na scéalta ar na hirisí eile. De réir mar a thuigim, nuair a bhí Gaelscéalann, bhí an iris clóite. Bhí €430,000 aige agus tuigtear dom nach bhfuil ach €300,000 ag tuairisc.ie. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh maoiniú ag tuairisc.iele go bhféadfadh sé a bheith suas go dáta leis an nualaíocht agus go mbeadh iriseoirí aige chuile áit chun an obair sin a dhéanamh. Chomh maith leis sin, i gcás tuairisc.ie, b'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe a rá linn cé mhéad duine a bhfuil an aip acu nó cé mhéad duine a bhíonn ag breathnú ar tuairisc.iego laethúil nó go bliantúil?

Tá pointí spéisiúla déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Táimid féin ag teacht go uair na cinniúna go gcaithfimid muid fhéin a chur i seomra gan éinne ón taobh amuigh ann agus tús a dhéanamh ar an bplé ar an mBille nua líne ar líne. Táimid cinnte, idir Fhreasúra agus Rialtas anseo, go bhfuil muid ag tógáil aird ar na pointí atá déanta ag Foras na Gaeilge. In aon Bhille, caithfear a bheith fíorchúramach maidir le cúrsaí teanga. Tá difríocht idir théarmaí éagsúla. Mar a deir siad sa Bhéarla, tá na téarmaí "may" agus "shall" ann, mar shampla, agus tá difríocht idir an dá théarma. Ciallaíonn ceann amháin gur féidir rud a dhéanamh agus ciallaíonn an ceann eile go gcaithfear rud a dhéanamh. Is dócha go gcaithfidh muid a bheith an-chúramach agus gurb í sin an fhainic atá an Foras ag cur orainn inniu.

D'fhéadfaí míthuiscint a bheith ar dhaoine faoi smachtbhannaí. Ní bheidh Foras na Gaeilge ag cur smachtbhannaí ar dhaoine ach ar eagraíochtaí Stáit. Cuireann sé iontas orm go bhfuil go leor eagraíochtaí Stáit ann agus tugann siad dúshlán don Oireachtais trí neamhaird a dhéanamh ar an dlí arís agus arís eile. Nuair a shéidtear chucu, bíonn cineál iontas orthu go mbeadh éinne ag feidhmiú an dlí.

Is cuimhin liom sular tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla go raibh treoirlínte deonacha ag Foras na Gaeilge. An cuimhin lenár n-aíonna iad? Bhí i bhfad níos mó ansin ná mar a bhí san Acht nuair a tháinig sé. Chuir mé ceist faoi sin agus is é an freagra a fuair mé ná go raibh na treoirlínte thar cionn mar nach rabhthas i ndáiríre fúthu mar i ndáiríre ní chuireadh éinne i bhfeidhm iad. Bhí siad uaillmhianach amach is amach ach bhí a fhios ag chuile dhuine nach raibh aon smacht leo. Nuair a tugadh isteach an tAcht, pléadh go mór an cheist cén chaoi a gcuirfear smacht ar na heagraíochtaí Stáit le go gcaithfidís rud éigin a dhéanamh.

Is féidir linn breathnú ar an Ombudsman agus mar sin de. Is é an rud a bhí ann ag an am ná go raibh taithí againn dá ndéanfadh an gnáth-Ombudsman moladh faoi rud ar bith, gur glacadh leis. Nuair a chaithfeadh an Ombudsman tuairisc a chuir go dtí an tOireachtas á rá nach raibh eagraíochtaí ag cloí lena chomhairle, bheadh míle murdar istigh sa Teach seo. Bunaíodh an Coimisinéir Teanga air sin ach tharla dhá rud, le bheith fírinneach faoi. Tá cuid den mhilleán orainn féin - is é sin ar an Teach seo. Ba chuma leis na heagrais Stáit go scríobhfaí tuarascálacha agus go gcuirfí faoi bhráid an Oireachtais iad. Idir Rialtais agus an tOireachtas féin trí chéile, ba chuma leis na baill go raibh na tuairiscí seo ag teacht isteach á rá go raibh neamhaird á dhéanamh ar an dlí, neamhchosúil leis an méid a bhí ag tarlú leis an Ombudsman. Ní chuimhin liom ach cás amháin - creidim go raibh an ceart ag an Rialtas sa chás áirithe sin - go ndeachthas in aghaidh chomhairle an Ombudsman. Seasann sé amach i m'intinn mar go raibh an cás chomh mór sin. Creidim féin nach raibh aon rogha ag an Rialtas ag an am ach taispeánann sé chomh neamhghnách is atá sé go ndéanfaí neamhaird ar an Ombudsman.

Ba mhaith liom rud a rá faoi smachtbhannaí. Tá a fhios ag na haíonna an cás maidir le bheith ag aistriú cáipéisí go Gaeilge agus eagraíochtaí gan é sin a dhéanamh nó fonn a bheith acu é sin a dhéanamh. Ba bhreá liom pointe amháin a dhéanamh faoi sin. Tá dhá rogha againn: iad a aistriú go Gaeilge nó luach an aistriúcháin a chur ar fáil do na heagraíochtaí Gaeilge áitiúla. Táim cinnte go n-aistreofaí chuile cháipéis go Gaeilge an t-am sin, is é sin go gcuirfí smachtbhanna indíreach orthu. Bheadh sé thar cionn ó thaobh saol na Gaeilge de dá mbeadh smachtbhannaí ann ach go dtiocfadh an t-airgead sin ó na smachtbhannaí mar is ar eagraíochtaí Stáit a bheimid á ngearradh. Ní i gcoinne pearsana a bheadh sé agus níor mhaith d'aon duine a bheith ag olagón, ag caoineadh agus ag déanamh trua dó féin. Má tá líne ag deireadh cuntas eagraíochta a deir "smachtbhannaí Gaeilge: €100,000", míneodh é sin cén fáth nár chlóigh siad leis an dlí le fógraí a chur suas i nGaeilge agus mar sin de. Tá sé tagtha chuige sin mar mura mbeidh an dlí sin ann, pionós airgid, is cuma céard a chuirfimid ina áit istigh sa Bhille mar nach mbeidh feidhm leis. Táim maiteach gur theip ar an rud a ceapadh maidir leis an gCoimisinéir Teanga agus go gcaithfimid bogadh ar aghaidh agus a rá nach leor don Choimisinéir Teanga tuarascáil a léamh. Cuirfidh muintir na Gaeilge spéis ann. Is mionlach muid i dTithe an Oireachtais. Táimid i bhfad níos láidre ná mar a bhíomar ach is mionlach muid mar chuid den Oireachtas. A bheag nó a mhór déantar neamhaird de na rudaí sin nuair is í an Ghaeilge atá i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.