Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Dátheangacha agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020: Foras na Gaeilge

Mr. Seán Ó Coinn:

Ní féidir linn a rá go dtí go bhfeicimid cé uaidh a dtiocfaidh na hiarratais. Is ceann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá ag Glór na nGael é sin. Chuir muid cuid mhór maoinithe, os cionn €1 milliún, sa bhliain dó le bheith ag obair le grúpaí ag leibhéal níos ísle forbartha sa dóigh is, nuair a thagann scéimeanna mar sin chun cinn, go mbeidh siad ábalta iarratas láidir a chur faoinár mbráid. Beimid ag súil go mbeidh siad ag déanamh iarratas. Aithním go bhfuil an chothromaíocht rud beag as réir agus níl sé mar ba chóir ó thaobh na tíre. Tá 14 de na deontais reatha ó Thuaidh agus 18 ó Dheas. Léiríonn sin an ghluais phobail a bhaineann leis an teanga ó Thuaidh. B'fhéidir go bhfuil cur chun cinn na teanga ó Dheas rud beag níos spréite seachas a bheith lonnaithe i ngrúpaí pobail. Tá Glór na nGael ag iarraidh é sin a thabhairt chun cinn. Mar a luaigh an cathaoirleach, beimid ag súil go dtiocfaidh cuid na hiarratais sin ó na ceantair atá anois aitheanta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí.

Maidir leis na meáin Ghaeilge, táimid an-sásta. Beidh conarthaí úra á n-aontú againn le Nós.ie, le Comhar, agus le Tuairisc.ie sa bhliain úr chun ábhar a sholáthar do phobal na Gaeilge trí na meáin. Tá an-spéis againn i dTuairisc.ie agus sa tseirbhís iontach a chuireann sé ar fáil ar líne. Is seirbhís nuachta é ar a bhfuil an-tóir le linn Covid-19 agus na srianta a ghabhann leis. Tá an-tábhacht le Nós.ie freisin. Is seirbhís ar líne í atá dírithe ar lucht léitheoireachta níos óige. Arís, tá bearnaí ann ó thaobh ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do dhaoine agus tá sé an-tábhachtach iad a líonadh. Tá na hábhair a chlúdaítear i gComharrud beag níos troime agus níos acadúla. Tá sé dírithe go mór ar an litríocht. Tá sé fós ar fáil mar iris clóite. Níl gach duine ar líne agus ní oireann seirbhís ar líne do gach duine. Tá sé tábhachtach an chothromaíocht sin a bheith againn. Táimid sásta ó thaobh an athbhreithnithe. Tá na trí ghrúpa atá roghnaithe againn i mbliana mar shainghrúpaí sna réimsí éagsúla sásta leis an gcur chuige atáimid tar éis a fhorbairt.

Maidir le séala an aistriúcháin, beidh an chéad scrúdú eile ar siúl againn roimh dheireadh na bliana. Baineann sé sin le réimse saineolais mo chomhghleacaí, Éamonn Ó hArgáin, nach bhfuil i láthair. Bheadh sé in ann i bhfad níos mó a rá faoi seo. I láthair na huaire, tá os cionn 50 duine i ndiaidh iarratais a dhéanamh ar scrúdú an tséala. Tugaimid creidiúnú ar chaighdeán tríd an séala. Tá os cionn 200 duine ar an liosta de dhaoine a bhfuil an séala faighte acu, atá ar fáil ar an suíomh Idirlín atá againn. Táimid an-sásta leis an chaighdeán. Tá an scrúdú an-chrua. Má éiríonn le daoine sa scrúdú, tá caighdeán maith Gaeilge acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.