Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 11 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is cruinnithe den roghchoiste a bheadh ann mar sin is iad na Teachtaí amháin a bheadh i gceist. Bheadh gá do triúr againn a bheith i láthair. Ansin tiocfaidh sé go dtí an Seanad chomh tapa agus is féidir linn déileáil leis. Cuirfidh mé comhaltaí ar an airdeall gur gá na leasuithe atá acu a bheith ullamh agus go mbeidh siad curtha isteach chomh tapa agus is féidir ionas gur féidir linn tabhairt faoin mBille seo roimh Nollaig ar a laghad. An aontaítear leis na cinntí sin? Aontaítear.

Tagraím do mhír F040 ón Seanadóir Ó Donnghaile. Baineann mír comhfhreagrais F048, ón Seanadóir Ó Donnghaile, le moltaí go mbeidh rúin rite ag an gcoiste inniu mar gheall ar mhaoiniú d'Fhoras na Gaeilge agus scéim pobal Gaeilge, SPG. An aontaítear go ndíreoimid isteach ar an dá mholadh sin? Aontaítear. Baineann an chéad rún le breis maoinithe d'Fhoras na Gaeilge agus do scéim pobal Gaeilge:

Go n-aontaíonn an Comhchoiste gur chóir don Rialtas breis maoinithe a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge sna meastacháin athbhreithnithe do 2021 agus an t-éileamh seo a chur chuig na hAirí cuí agus chuig an Taoiseach.

An tarna rún ná:

Go dtacaíonn an Comhchoiste leis an obair atá ar siúl ag na grúpaí SPG sa phobal agus go n-iarrtar ar an Aire Catherine Martin agus ar an Aire Stáit Jack Chambers seasamh isteach agus a chur in iúl go soiléir d’Fhoras na Gaeilge, anois go mbeidh airgead breise acu go cinnte i 2021, gur gá tosaíocht a dhéanamh san airgead breise sin le cur leis an líon grúpaí le SPG agus le: €55,000 a chinntiú do gach scéim sa SPG nua agus

Cinntiú nach mbeidh aon idirdhealú maoinithe déanta ar SPG lonnaithe i gceantar le líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeltachta.

Glacaim leis go bhfuil sé sin ag teacht ón méid a bhí á rá ag ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, nuair a bhí sé os ár gcomhair. Luaigh sé na rúin sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.