Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019: Conradh na Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tagraím do na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge maidir le fógraíocht. Bhí rialachán nó ionstram reachtúil chuid mhaith réitithe i bhfad ó shin nuair a tógadh isteach an t-ionstram reachtúil maidir le comharthaíocht agus d'oibrigh an t-ionstram sin go ginearálta. Níl mé ag rá gur chloígh chuile eagraíocht leis ach thug sé an-seasamh go ginearálta don Choimisinéir Teanga. Tagraím don mhéid a bhí ar bun ag an am. Feicim go bhfuil Conradh na Gaeilge ag caint ar 20%. Bhí muidne ag cuimhneamh ar 50% Gaeilge agus 50% Béarla. Sin an rud a dhéantar sa Bheilg, mar shampla, nó in aon tír eile atá dátheangach.

An t-aon plé a bhí ar bun, an t-aon fáth nach raibh an rud tógtha isteach sa choiste a bhí ann ag an am agus an t-aon deis a bhí muid ag dul a thabhairt - agus seo ceist go gcaithfimid a phlé inár measc féin - ná dá gcuirfí fógra ar RTÉ 1, mar shampla, le nóiméad amháin faoi Covid-19 agus pictiúir srl. go gcaithfí ceann dá réir a chur i nGaeilge ach d'fhéadfaí é a chur ar TG4. Ní chosnódh sin an méid céanna ach caithfí an aire a bheith ar an teist céanna agus mar sin de. An fáth go raibh muid ag smaoineamh air sin ag an am ná go raibh agus TG4 agus mar sin de ann agus dá ndéanfaí é sin, bheadh foinse airgid an-mhaith ag na foilseacháin Gaeilge agus cuirfeadh sé airgead nach beag ar fáil dóibh. Bhí muid ag cuimhneamh ar 50% d'fhógraíocht as Gaeilge a éileamh agus an rud céanna le fógraí sna nuachtáin. D'fhéadfaí fógra a chur ar tuairisc.iei gcomhair le fógra i The Irish Times. Tá a fhios ag comhaltaí an difríocht sa phraghas a bheadh ann. Caithfear an plé sin a bheith againn. Bhí muidne chun dul níos airde ná mar atá Conradh na Gaeilge ag moladh. Bhí muid ag rá gur an fhad agus go raibh an teist mar a chéile, má chuirtear in iris Bhéarla é, is féidir é a chur in iris Ghaeilge, is cuma faoin bpraghas. An margadh amháin a bhí i gceist. Ba mhaith liom tuairimí na finnéithe air sin. Tá drogall orm an iomarca airgid do Ghaeilge a thabhairt do chuid de na heagraíochtaí de chuile shórt atá ag cur an Béarla ar aghaidh agus ag déanamh dímheas iomlán ar an nGaeilge.

Sin an plé a bhí ar bun. Bhí go leor daoine de na craoltóirí agus de na hirisí go mór i bhfabhar an rud a bhí i gceist againn. Bhí roinnt daoine eile ag rá go raibh sé fíorthábhachtach rudaí dhátheangach a fheiceáil i The Irish Times, san Irish Independentnó sna mórmheáin. Níor mhaith liomsa an méid sin airgead bog a thabhairt dóibh. B'shin an dearcadh a bhí agamsa agus bhí mé i bhfabhar dul sa treo go mbeadh double whammy ann leis an bhfógra féin ann móide go mbeadh an audience Gaeilge móide go mbeadh airgead á chur isteach i bpócaí eagraíochtaí a bhí ag déanamh obair ar son na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.