Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Teachta as na ceisteanna tábhachtacha sin. Tá an ceart aici go bhfuil rudaí ag teastáil go fóill ar na hoileáin, ach é sin ráite, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Roinn, ag an Rialtas seo agus ag an Rialtas roimhe sin freisin ó thaobh seirbhísí farantóireachta, seirbhísí aeir, seirbhísí ingearáin agus seirbhísí éigeandála de, ó thaobh infheistíocht i gcoláistí, agus in áiseanna pobal ar na hoileáin de. Tá níos mó le déanamh, áfach, agus tá togra fíor-thábhachtach i nGaillimh Thiar - is mór an trua nach raibh mé ann chun é a bhrú ar aghaidh níos mó mar atá déanta cheana - agus is é sin céibh Inis Oírr. Tá dul chun cinn déanta ansin, áfach, agus táimid ag súil le go mbeimid in ann tairiscintí a fháil roimh dheireadh na bliana.

Tá an Teachta ceart ó thaobh seirbhísí uisce de. Tá Uisce Éireann ag tabhairt uisce isteach ón mórthír go dtí Inis Oírr agus go dtí Inis Meáin faoi láthair, go mór mór go dtí Inis Oírr, agus rinne an chomhairle contae an rud céanna roimhe sin freisin.

Cé go bhfuil infheistíocht déanta acu ó thaobh ionad cóireála uisce, tá níos mó le déanamh chun na faidhbe bliantúla seo a réiteach.

Sílim go bhfuil NPHET ag teacht le chéile inniu chun phase 3 agus phase 4 a phlé. Bhí mé ag teagmháil inniu le Liz Canavan ó Roinn an Taoisigh, a bhíonn ar an teilifís chuile lá ag déanamh cur i láthair ar chuile rud. Tá súil agam go mbeidh comhairle ó NPHET ag teacht os comhair an Rialtais go luath ó thaobh na n-oileán. Tá cuid de na hoileánacha ag iarraidh na hoileáin a choimeád dúnta agus cuid acu, go háirithe na gnóthaí, ag iarraidh iad a oscailt chomh luath agus is féidir. Tá sé deacair agus ní bheidh aon duine in ann 100% de na daoine a thabhairt leo maidir leis seo. Braitheann sé ar an gcomhairle ó NPHET agus an díospóireacht a mbeidh ag an Rialtas.

Ó thaobh pacáiste cúitimh do na hoiléanacha, tá scéimeanna fógartha ag an Rialtas, an pandemic unemployment payment agus an wage subsidy scheme. Tá an íocaíocht sin ar fáil. Those are available to islanders as they are to people everywhere else in the Gaeltacht, or outside as well. If a package was made available that would be a matter for the task force on tourism, which is dealing with this. This would be the same throughout the country There is talk of a July stimulus so there may be something in that. However, I have no details except what has been talked about in the programme for Government and we do not have a Government yet. I cannot pre-empt what might come from such a stimulus or even that there will be a Government in place by July.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.