Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Bríd SmithBríd Smith (Dublin South Central, People Before Profit Alliance) | Oireachtas source

Tá sé thar am dúinn an seisiún seo mar gheall ar Covid-19, na hoileáin agus an Ghaeltacht a bheith againn mar is cuid shaibhir dár gcultúr agus dár n-oidhreacht iad ár n-oileáin agus ár gceantair Ghaeltachta. Tá easpa bearta agus easpa reachtaíochta againn sa tréimhse seo. Nílimid ag cur tacaíocht i bhfeidhm le linn Covid-19 agus tá i bhfad níos mó le déanamh. Níl bunachar bunúsach ag cuid de na hoileáin ar nós uisce agus tá céanna nua ag teastáil in áiteanna. D'éirigh leis na hoileánaigh an víreas Covid-19 a choinneáil amach ach tá brú orthu chun athoscailt. Tá an brú sin ag teacht ó ghnóthaí ar na hoileáin agus ón easpa turasóireachta. Tá an turasóireacht an-tábhachtach do na hoileáin ach tá sláinte phobail na hoileáin níos tábhachtaí fós.

I am sure the Minister of State has answered this question, but I hope he will not mind doing so again. Will there be a discussion about a special financial package to support the islands and their businesses and avoid pressure on them to reopen too early? I heard the Minister of State say that NPHET will look in detail at this matter. Will he give us some idea as to when that will happen, and when NPHET will then give advice to the islanders on the question of reopening and public health? Chaill muintir na hoileáin an samhradh agus is sin an t-am is tábhachtaí den bhliain dóibh.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit mar gheall ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Admhaíonn an t-Aire Stáit agus gach Teachta go bhfuil ár nGaeltachtaí i dtrioblóid agus níl mórán le rá i gclár an Rialtais mar gheall ar na Gaeltachtaí. Tá an-chuid le rá ann mar gheall ar cheantair lasmuigh de na Gaeltachtaí agus tá sé sin ceart go leor ach caithfimid béim níos láidre a chur ar na Gaeltachtaí féin. Táimid tar éis fanacht go ró-fhada chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú. Cathain a bheidh an Bille os ár gcomhair? An mbeidh an t-Aire Stáit in ann time limit sensitivities a chur sa Bhille sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.