Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Theachta. Ceist an-tábhacht í an cheist sin. Leis na heagraíochtaí Stáit, oibríonn sé go maith ó thaobh na Gaeilge de agus daoine le Gaeilge a bheith sa Ghaeltacht chun freastal ar daoine a bhfuil líofa sa Ghaeilge. Ach tá níos mó le déanamh. Beidh na rudaí seo clúdaithe sa Bhille teanga a bhéas muid ag ullmhú.

Ó thaobh na géarchéime agus an méid atá ag tarlúint sa Ghaeltacht faoi láthair, tá ról an-tábhachtach ag na comharchumainn agus tá obair mhór déanta ag na comharchumainn atá faoi chúram Údarás na Gaeltachta i dtaobh soláthair seirbhísí riachtanacha pobail ar fud na Gaeltachta ó thús na géarchéime a bhaineann le Covid-19.

I measc na seirbhísí atá comharchumainn ag cur ar fáil le tacaíocht an Údaráis ná seirbhísí seachadadh siopadóireachta, béilí ar rothaí, bailiú agus cóir leighis agus oideas, soláthar spás do Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte, bailiú pinsin, seirbhísí priontála d’ábhair scoile, seirbhísí seachadadh breosla, teagmháil le daoine aosta a bhí i mbun cocúnú, soláthar ranganna ceoil ar líne agus scaipeadh eolais don phobal maidir le Covid-19. Tá a lán déanta agus bhí comharchumainn ag obair leis an Údarás chun spásanna stiúideo agus tacaíocht a chur ar fáil do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4. Déanann siad sárjab i gcónaí ach go mór mór i rith na géarchéime seo chun daoine a chur agus a choinneal ar an eolas faoin méid atá ag tarlú agus céard atá ar fáil ón Stát, ón gcomhairle contae, ó sheirbhísí sláinte, nó aon eagraíocht eile atá ag freastal ar na hoileáin agus Gaeltachtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.