Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire. Molaim an obair atá déanta aige. Bhí sé i gcónaí ann chun caint linn. D’éist sé i gcónaí linn nuair a bhí fadhbanna againn, go háirithe maidir le cúrsaí Ghaeilge, agus bhí sé sásta cabhrú linn.

Tá cúpla ceist agam. Níl chónaí agam sa Ghaeltacht, mar sin níl mion-eolas agam ar an rudaí atá ag titim amach agus ní bhaineann an méid seo chomh mór sin le mo dhúthaigh féin, ach sna Gaeltachtaí, na daoine atá ag obair, a leithéid gardaí, fear an phoist agus daoine a mbíonn orthu dul isteach chuig tithe, go mórmhór in áiteanna iargúlta, an bhfuil an tAire sásta go bhfuil go leor Gaeilge acu nó go bhfuil siad dátheangach? Nuair a théann daoine in aois, nó daoine le dementia, uaireanta cailleann siad an Béarla ach bíonn siad in ann labhairt trí Ghaeilge. An bhfuil an tAire sásta go bhfuil go leor daoine ag obair sna Gaeltachtaí ach go háirithe, a bhfuil dátheangach? I gcomhthéacs Covid-19 nó aon ghalar eile, an bhfuil go leor Gaeilge ag daoine a théann chuig na tithe altranais, nó go leor daoine ag obair sna tithe altranais, le Gaeilge?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.