Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tuigim nach bhfuil aon slat draíochta ann, ach bheinn ag súil go bhfuil rudaí faoi leith foghlamtha ag na finnéithe, mar tá dúshlán anseo. Úsáidim féin an focal “géarchéim”, ach glacaim leis gur “dúshlán” an focal atá úsáidte ag na finnéithe. Tá gá le beart maidir leis na dúshláin sin. Is sampla maith í an Bheilg. Níl mé ach ag piocadh amach cúpla tír. Go sonrach, cad iad na rudaí atá foghlamtha ag na finnéithe chun dul i ngleic leis na fadhbanna agus na dúshláin seo?
No comments