Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 22 October 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Díolúine ó Staidéar na Gaeilge: Plé

Professor Máirín Nic Eoin:

Déarfaidh mise cúpla rud faoi na trí chomhthéacs ar leith, nó na himthosca eisceachtúla mar a thugtar orthu sna ciorcláin leasaithe. An ceann is mó a bhfuilimid buartha ina thaobh ná na sainriachtanais fhoghlama. An t-ábhar imní is mó atá orainn ná faoi na rialacha nua, ina gcás siúd go gcuirfidh siad céatadán níos mó daltaí ná riamh sa chatagóir sin agus go gcuirfear éileamh ar dhíolúintí in áit éileamh ar thacaíochtaí breise foghlama. An bhunfhadhb a bhaineann le córas na ndíolúintí ná go bhfuil sé tar éis nasc an-láidir a chruthú in aigne an phobail, agus go háirithe in aigne tuismitheoirí, idir dhíolúintí agus leas páistí. Tá a fhios agam féin mar thuismitheoir a bhfuil taithí phearsanta agam ar an speictream uathach, mar shampla, agus ar na seirbhísí oideachais a chuirtear ar fáil do pháistí ar an speictream uathach. Chuala mé tuismitheoirí ag fiosrú faoi dhíolúintí sula raibh a gcuid páistí tosaithe ar scoil fiú. Chuala mé tuismitheoirí a raibh a gcuid páistí ag réiteach don teastas sóisearach ag fiosrú faoi dhíolúintí ardteistiméireachta sula raibh an teastas sóisearach déanta fiú. Is dúshlán an-mhór a bheidh ann an nasc sin a bhriseadh ach is é coincheap na díolúine is bun leis.

Déarfaidh mé cúpla rud faoi na trí thosc. Fáiltímid roimh an ardú ar inimircigh ó 11 bliana d'aois go dtí 12 bliana d'aois atá luaite ansin, ach ag an am céanna, braithimid gur chóir freisin go mbeadh spreagadh ann do na daltaí seo, is cuma cén aois a bhíonn siad, nuair a thagann siad isteach sa tír. Ba chóir go mbeadh prionsabal an difreáilte agus prionsabal an ionchuimsitheacht i bhfeidhm ansin freisin, agus é ceangailte le polasaí leathan imeascadh. Tagraím do eisimircigh, is é sin daltaí Éireannacha atá ag athrollú tar éis tréimhse thar lear, agus tá trí bliana thar lear luaite ansin. Ceapaimid go bhfuil sé sin i bhfad róghearr i gcás na bunscoile agus gur chóir é a shíneadh ar a laghad go dtí tréimhse cúig bliana. Arís, áfach, bheimis den tuairim go bhféadfadh daltaí a bhí imithe ar shiúl ón tír seo ar feadh trí bliana tairbhe a bhaint as an gcuraclam Gaeilge agus teacht ar ais, ach clár tumtha nó clár speisialta a bheith curtha ar fáil dóibh.

Tagraím do shainriachtanais fhoghlama daltaí. Seo an cheist is práinní ar fad anseo. Tá sé an-tábhachtach a aithint go bhfuil gné an-dearfach agus an-fhorásach ag baint le cuid de na hathruithe atá déanta. Ceann acu sin is ea go bhfuil cead ag scoileanna cinntí a dhéanamh iad féin anois cur isteach ar thacaíochtaí do pháistí bunaithe ar a shainiú féin ar riachtanais. Is é sin le rá nach gá don pháiste diagnóis chliniciúil a bheith aige nó aici le go bhfaigheadh sé nó sí na tacaíochtaí foghlama a bheadh ag teastáil uaidh nó uaithi. Tá sé sin le moladh go hard. An fhadhb a bhaineann leis ná go bhfuil an prionsabal dearfach forásach sin á cheangal anois le próiseas na ndíolúint agus is ag an scoil freisin atá sé an cinneadh a dhéanamh faoi dhíolúine. Ba chóir go mbeadh a leithéid de chur chuige ina thaca mór don difreáil mar go bhféadfadh na scoileanna na tacaíochtaí breise agus na hacmhainní breise a fháil, ach is í an fhadhb ná go bhfuil sé á cheangal le ceist na ndíolúintí. Ní bheidh gá le diagnóis chliniciúil nó le measúnú síceolaíoch. Fágfaidh sé an cinneadh deireanach ar ghualainn phríomhoidí agus beidh brú mór á chur ar na príomhoidí.

Braithimid go bhfuil na critéir scaoilte go maith. Tá gné amháin ina measc a bhfuil cuma na hoibiachtúlachta uirthiagus sin an ghné a bhaineann le tástálacha caighdeánacha agus páistí a bheadh ag an deichiú peircintíl níos lú ná sin. Is tástálacha caighdeánacha bunaithe ar noirm iad siúd. Bíonn 10% de phobal na scoile ag an deichiú peircintíl nó faoina bhun. I ndáiríre, tá an chuma ar an scéal go mbeidh 10% i dteideal díolúine ar bhunriachtanais fhoghlama de réir na critéir leasaithe. B'fhéidir go ndéarfaidh an Dr. Flynn níos mó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.