Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 22 October 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Díolúine ó Staidéar na Gaeilge: Plé

Professor Pádraig Ó Duibhir:

Táimid an-bhuíoch don choiste as an deis a thabhairt dúinn teacht anseo chun ár gcuid tuairimí a nochtadh agus a gcuid ceisteanna a fhreagairt ar an ábhar seo. Is dócha gur ábhar é a bhfuilimid buartha faoi, mar a bhí soiléir ón ráiteas a chuir mé isteach chuig an gcoiste, agus is dóigh linn gur rud tromchúiseach atá ann. Ó tharla go bhfuil an ráiteas tosaigh léite ag an gCathaoirleach, beimid an-ghonta.

Ceann de na príomhphointí ná go raibh díolúine ar staidéar ar an nGaeilge á cur i bhfeidhm ó na 1970í i leith. Ag an am, bhí an córas oideachais an-difriúil ná mar atá sé sa lá atá inniu ann ó thaobh líon na ndaltaí atá sna ranganna de agus ó thaobh tacaíochtaí do pháistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu de agus mar sin de. Tá prionsabal anionchuimsitheachtgo láidir sa chóras anois, agus cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna é sin chun cinn go mór. Rinne an chigireacht athbhreithniú ar an gcóras a bhí i bhfeidhm, agus cuireadh próiseas comhairliúcháin ar bun ansin i ndeireadh 2018, thart ar mhí na Nollag. Síneadh amach é go dtí an athbhliain mar bhí an oiread sin suime ann. Léirigh an chigireacht go bhfuil go leor fadhbanna leis an gcóras a bhí ann ag an am.

Inár dtuairim, d'fhéach an Roinn leis na fadhbanna sin a réiteach seachas a cheistiú an bhfuil bunús a thuilleadh le díolúine sa lá atá inniu ann. An rud atá á rá againne ná nach bhfuil i ndáiríre agus nach bhfuil sé ar fáil i dtíortha eile. Níl sé ar fáil i gCeanada don Fhraincis, mar shampla, agus níl sé ar fáil sa Bhreatain Bheag don Bhreatnais mar déarfadh na daoine sa tír sin gur cur chuige ionchuimsitheach atá ann agus go gcuirtear an curaclaminoiriúnaithedo riachtanais agus do chumas foghlama na ndaltaí. Mar sin, níl a leithéid ann agus sain-mhíchumas foghlama teanga, agus léiríonn an litríocht é sin. Níor cuireadh an cheist cheart ag an tús nuair a bhí an t-athbhreithniú agus an próiseas comhairliúcháin ar bun, agus bhí an próiseas lochtach dá bharr. Sin an méid atá le rá agamsa. Ligfidh mé don Ollamh Nic Eoin agus don Dr. Flynn cúpla focal a rá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.