Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 September 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Gnó an Chomhchoiste
Mr. Ronan Mulhall:
Thar ceann na Roinne, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus baill an Choiste as an gcuireadh chun labhairt libh inniu maidir leis na seirbhísí a chuireann An Roinn Cosanta ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá mo chomhghleacaí Siobhán Tutty-Bardon in éineacht liom, agus tá sí i gceannas ar fhoireann a phléann le seirbhísí do chustaiméirí.
Tá an Roinn Cosanta tiomanta dá dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Anuas air sin, déantar iarrachtaí laistigh den Roinn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn san ionad oibre agus go sóisialta araon. Le linn plé á dhéanamh faoi na bearta atá ar bun, ní mór aird a thabhairt ar an leibhéal idirghníomhaíochta le páirtithe seachtracha a bhaineann le gnó laethúil na Roinne. Murab ionann is roinnt Ranna a chuireann raon scéimeanna ar fáil go díreach don phobal i gcoitinne, ní gá don Roinn, mar gheall ar a cuid gnó, oifigí poiblí, cuntair phoiblí ná ionaid ghlaonna a oibriú trína bhfaigheann saoránaigh rochtain ar sheirbhísí ar éileamh. Ar an iomlán, bhí 233,868 fiosrú nó idirghníomhú le glaoiteoirí in 2018. Bhí ceithre díobh seo as Gaeilge. Ach ní laghdaíonn sé sin, ámh, tiomantas na Roinne do sheirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Mar chuid dár scéim teanga, gheallamar go ndéanfaimis measúnú, ar bhonn leanúnach, ar an leibhéal éilimh ar sheirbhísí i nGaeilge agus go ndéanfaimis cinnte go leanann an Roinn den éileamh sin a shásamh ar bhealach pleanáilte.
Faoi láthair cuirimid roinnt seirbhísí ar fáil i nGaeilge, foilseacháin chorparáideacha na Roinne ina measc, faoi mar a bheifeá ag súil leis – ráitis straitéise, tuarascálacha bliantúla, an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí do Chustaiméirí, agus cairteacha custaiméara. Cuireann an Roinn seirbhísí ó bhéal agus i scríbhinn ar fáil dá gcustaiméirí trí Ghaeilge, más gá.
Baineann an Roinn úsáid as buíon Gaeilgeoirí a thugann cúnamh, ar bhonn deonach, le brainsí chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge má éilítear orthu. Anuas air sin, tá liosta aistritheoirí creidiúnaithe ar fáil chun tacú le soláthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge. Ní gá d'aon bhrainse laistigh den Roinn seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge amháin, agus is gá go bhfuil tionchar aige sin ar riachtanais earcaíochta na Roinne. Níor aithníodh aon phost a mbeadh Gaeilge fhlúirseach ag teastáil mar réamhriachtanas uaidh, rud a léiríonn leibhéal íseal na hidirghníomhaíochta dírí leis an bpobal i gcoitinne.
Chuaigh An Coimisinéir Teanga i dteagmháil leis an Roinn gach bliain mar chuid de ról na hoifige sin ó thaobh comhlíonadh riachtanais an Achta a chinntiú. Níor chuir an coimisinéir aon cheist ná sárú suntasach in iúl don Roinn le blianta beaga anuas.
Ach níor cheart talamh slán a dhéanamh den mhéid thuasluaite nach ndéanann an Roinn ach riachtanais an Achta amháin a shásamh. Rinne an Roinn iarracht úsáid na teanga a chur chun cinn san ionad oibre agus ag ócáidí sóisialta. Cé nach mbeadh deiseanna suntasacha ag ár bhfoireann an teanga a úsáid le linn an ghnáthlae oibre, reáchtáil an t-aonad foghlama agus forbartha roinnt imeachtaí chun deis a chur ar fáil don fhoireann a cuid Gaeilge, beag beann ar an gcaighdeán, a úsáid i suíomh neamhfhoirmiúil san ionad oibre. Shocraíomar maidineacha caife as Gaeilge, chomh maith le tráth na gceist agus biongó as Gaeilge. Bhí tóir ar na himeachtaí sin agus tacaíodh go maith leo. Tá toradh ar an gcur chuige seo ó thaobh roinnt ball foirne a spreagadh chun dul faoi oiliúint sa teanga, agus faoi láthair léirigh beirt bhall foirne suim i gcúrsa meánleibhéil agus ball foirne amháin i gcúrsa ardleibhéil. Dúshlán atá roimh an Roinn, agus rompu siúd atá ag déanamh an chúrsa fiú, is ea dóthain deiseanna a bheith ag daoine an teanga a úsáid ar bhonn leanúnach, go háirithe ós rud é nach raibh éileamh mór ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge go dtí seo. D'fhonn aghaidh a thabhairt air sin, tá líonra na Gaeilge ag an Roinn a chasann le chéile go rialta agus a chuireann deis leanúnach chumarsáide ar fáil sa teanga. Tá straitéis foghlama agus forbartha á cur le chéile ag an Roinn faoi láthair.
Beidh scileanna teanga san áireamh leis an straitéis sin. Tá an Roinn tiomanta go hiomlán dá ceanglais dhlíthiúla i leith na teanga a chomhlíonadh agus d'úsáid na teanga i measc a foirne a chur chun cinn. Anuas air sin, leanfaidh an Roinn de chuir chuige nuálacha a phlé chun úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Táim sásta an t-ábhar seo a phlé.
No comments