Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 September 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí go léir.

Tá an Roinn Cosanta os ár gcomhair inniu agus táim ag tnúth leis an gcur i láthair ó thaobh na Gaeilge de. Inár measc tá an tUasal Ronan Mulhall, príomhoifigeach an bhrainse acmhainní daonna agus an tUasal Siobhán Tutty-Bardon, príomhoifigeach cúnta atá i gceannas ar an bhfoireann a phléann le seirbhísí do chustaiméirí.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Cuirim fáilte ar ais roimh chách tar éis shos an tsamhraidh. Tá clár oibre gnóthach againn as seo go dtí mí na Nollag.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.