Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Aontaím go hiomlán leis an gCathaoirleach maidir le tábhacht na ceiste faoi pháistí agus daoine óga le riachtanais speisialta oideachais. Is iad na ceisteanna is minice ar tháinig chun cinn, áit a raibh fadhbanna ann nuair a bhíomar amuigh faoin tír ag cruinnithe, ná na ceisteanna ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí, agus ó lucht bainistíochta. Bhí siad ag rá, cé go bhfuilimid in ann a lán rudaí a dhéanamh, gurb í an áit nach bhfuil an taighde nó saineolas ar fáil ná an plé le páistí le riachtanais speisialta oideachais atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, go háirithe sna luathbhlianta, nuair is tumoideachas atá ann. Táimid ag tabhairt faoi, ach le bheith iomlán macánta leis an gCathaoirleach, ní féidir liom a rá go cinnte anois cén fad a thógfaidh sé. Táimid tosaithe ag obair le saineolaithe, ach níl mórán saineolaithe ann atá tar éis a bheith ag plé le riachtanais speisialta oideachais.

Ba é an rud traidisiúnta in Éirinn, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, má bhí fadhb ag páiste duine, ná give up that old Irish. Maidir leis na scoileanna speisialta a bhí ann go traidisiúnta, cuireadh páistí ó Chonamara isteach go Gaillimh agus dúradh le teaghlaigh éirí as an nGaeilge agus Béarla ceart a bpáistí a chosaint agus a labhairt leo.

Ní dhearnadh an obair seo cheana. Táimid tosaithe anois ar obair anois le saineolaithe ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is iad seo daoine atá ag plé le forbairt teanga. Níl mé ag caint faoi fhorbairt gramadaí nó rud ar bith mar sin ach faoi pháistí a bhfuil fadhbanna urlabhra agus cumarsáide acu. Táimid ag obair agus tá áiseanna tacaíochta curtha ar fáil againn do mhúinteoirí le húsáid sna scoileanna leis na páistí sin. Is é sin an tús.

Anois caithfimid taighde agus saineolaithe eile a fháil sa réimse seo. Ní hamháin go dteastaítear go mbeadh saineolas acu chun déileáil leis na páistí agus leis na daoine óga seo, ach go dtuigfidís na casachtaí a thugann an dara teanga isteach léi. Tá taighde idirnáisiúnta ann agus tá sé an-dearfach maidir le gabháil teanga páistí, is é sin go bhfuil siad lánábalta an dara nó an tríú teanga a fhoghlaim, is cuma cén cumas atá acu, má tá teanga amháin acu. Táimid ag plé leis an gceann faoin aistriú leis na naíonraí ach níl aon cheist ann ach go dtuigimid go bhfuil sé an-phráinneach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.