Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Gabhaim buíochas as an gceist sin maidir le háiseanna. Is fíor a rá go bhfuil na héilimh agus na freagrachtaí atá ag COGG ag méadú le roinnt blianta anuas. Fáiltímid roimhe sin agus táimid an-sásta leis sin. Dá réir, bíonn cásanna gnó á réiteach againn go rialta le haghaidh acmhainní breise a fháil ón Roinn. Tá foireann COGG méadaithe thar na blianta chun freastal ar na héilimh bhreise atá air. Is é an bealach a chímid chun an rud a fhorbairt sna blianta atá romhainn ná an córas sin a leanúint agus go mbeidh méadú ar na héilimh. Ní gá ach an clár comhtháite de scoileanna Béarla le scoileanna Gaeilge a lua, agus an fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teangacha, FCÁT, atá luaite ag an Aire cheana féin, atá ann chun cabhrú le scoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla. Tá freagrachtaí breise mar sin ag méadú ar COGG an t-am ar fad.

Nílim chun a rá go bhfuil dóthain acmhainní againn. Bímid i gcónaí ag éileamh acmhainní breise chun freastal agus chun cur ar ár gcumas na freagrachtaí atá orainn a chomhlíonadh chomh maith agus is féidir. Táimid buíoch den mhéadú agus leanfaimid ar aghaidh ag lorg a thuilleadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.