Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Dr. Treasa Kirk:

Is féidir. Tá an staidéar taighde agus meastóireachta fógartha againn leis na scoileanna agus is staidéar taighde trí bliana atá i gceist anseo. Tagann rud éigin i mo chloigeann ina leith freisin faoi láthair agus baineann sé leis na tuismitheoirí agus leis an luath-thumoideachas, is é sin an tionchar is mó a bhíonn ar na tuismitheoirí. Feiceann na tuismitheoirí na páistí óga ag dul abhaile le Gaeilge agus tá an-tionchar go deo aige sin ar na tuismitheoirí.

Tá plean déanta againn i gcomhar leis an bhForas Taighde ar Oideachas agus leis an gcigireacht maidir leis an staidéar taighde agus meastóireachta. Beimid ag obair as lámh a chéile agus ag féachaint ar úsáid, an teagasc agus foghlaim trí Ghaeilge, an cheannaireacht agus an bhainistíocht i bhfeidhmiú an tumoideachais, agus an chomhpháirtíocht le pobail agus le páirtithe eile i bhfeidhmiú na scéime. Beidh fócas grúpaí agus ceistneoirí á scaipeadh ar na tuismitheoirí, ar na pobail, agus ar na múinteoirí éagsúla, bídís múinteoirí ranga, príomhoidí, múinteoirí tacaíochta don Ghaeilge nó múinteoirí oideachais speisialta chomh leis sin.

Ó Mheán Fómhair go dtí mí na Nollag beidh staidéar cáis ag an mbunleibhéal i 12 scoil, agus ag an iarbhunleibhéal beidh seacht scoil i gceist leis. Beidh 19 scoil pháirteach sa staidéar cáis ar siúl i sa tréimhse sin chun eolas domhain a fháil ar cé chomh maith is atá ag éirí leis an scéim sna scoileanna. Táimid ag iarraidh an dea-chleachtas agus na bearnaí atá fós sa scéim a aithint chomh maith leis sin ar nós an bhfuil forbairt bhreise ag teastáil, mar shampla.

Ansin tá sé i gceist againn dul ar ais chuig na scoileanna arís, trí bliana amach anseo, chun a fháil amach an bhfuil aon dul chun cinn déanta nó cén dul chun cinn atá déanta. Is é an tréimhse ó Mheán Fómhair go dtí mí na Nollag an bhunlíne chun féachaint ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i gcomhpháirt le Foras Taighde ar Oideachas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.