Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Dr. Harold Hislop:

Tagraím don cheist faoina bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus an cháilíocht lena bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge a dhéanamh riachtanach do na scoileanna lán-Ghaeilge. Níl sé i gceist againn é sin a dhéanamh ag an bpointe seo. Ar an gcéad dul síos, caithfear seans a thabhairt do na cúrsaí sin teacht ar an bhfód agus ligean do na múinteoirí dul tríd an B.Oid trí mheán na Gaeilge agus an M.Oid trí mheán na Gaeilge ar an gcéad dul síos. Mar a dúirt mé, beidh 30 áit ar an gcúrsa B.Oid i mbliana. Ní thiocfaidh na mic léinn as an gcúrsa sin agus isteach sna scoileanna go ceann ceithre bliana, agus is cúrsa dhá bhliain dóibh siúd atá ag obair san M.Oid. Tá na múinteoirí sin ag gníomhú ag an bpointe seo mar oidí nó mar phríomhoidí ar scoileanna. Ní bheadh go leor múinteoirí ann agus na cáilíochtaí sin acu chun gur féidir linn dlí nó riail a dhéanamh gur gá a leithéid de chéim a bheith acu ag an bpointe seo.

Ar an lámh eile, tá na cúrsaí sin bunaithe toisc go dtuigimid nach bhfuil an cumas sa Ghaeilge ag na múinteoirí. Ní hamháin nach bhfuil an cumas sa Ghaeilge acu ach níl tuiscint acu ar an tumoideachas agus ar conas Gaelscoil nó scoil Ghaeltachta a chur in ord agus í a eagrú. Tá níos mó ná an Ghaeilge féin ann. Caithfear Gaeilge den scoth a bheith acu gan dabht ach caithfear tuiscint a bheith acu ar an tumoideachas agus ar na dúshláin atá roimh thuismitheoirí agus roimh dhaltaí agus iad ag teacht isteach sna scoileanna sin. Seo iad na hábhair atá á gclúdach ar na cúrsaí sin. Tá súil againn, nuair a thiocfaidh na mic léinn as na cúrsaí sin, go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr acu agus go mbeidh an cumas acu an taithí sin agus an t-eolas sin a roinnt le múinteoirí eile sna scoileanna ina bhfuil siad ag obair. Beidh orthu cuid den chleachtadh múinteoireachta a dhéanann siad ar an B.Oid a dhéanamh i nGaelscoileanna nó i scoileanna Gaeltachta chomh maith. Caithfear taithí a bheith acu a bheith ag obair sa Ghaeltacht le linn dóibh an cúrsa a dhéanamh.

Bhíomar ag caint mar gheall ar chumas Gaeilge na múinteoirí sin agus caithfear B1 ar an CEFRL a bheith acu agus iad ag dul isteach ar na cúrsaí. Tugann sé sin spiorad dóibh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge roimh thabhairt faoi na cúrsaí sin fiú. B'fhéidir go míneoidh an Dr. Kirk an cheist sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.