Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Dr. Harold Hislop:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste ar fad as an gcuireadh a bheith i láthair ag an gcruinniú inniu. Fáiltímid roimh an deis chun labhairt leis an gcomhchoiste mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta againn i gcur i bhfeidhm an pholasaí. Mar a luaigh an Cathaoirleach, táimid anseo ón Roinn. Ón aonad um oideachas Gaeltachta tá an Dr. Treasa Kirk, atá mar cheannasaí ar an aonad. Tá comhghleacaithe ó COGG linn freisin - an tUasal Dónal Ó hAiniféin, atá ina cathaoirleach, agus an tUasal Muireann Ní Mhóráin, atá mar phríomhfheidhmeannach.

Mar is eol don choiste, foilsíodh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 in 2016. Is iad príomhaidhmeanna an pholasaí ná a chinntiú go mbeidh oideachas ar ardcháilíocht trí mheán na Gaeilge ar fáil do pháistí na Gaeltachta agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sna scoileanna sin. Déantar sin trí acmhainní breise a sholáthar agus tacaíochtaí éagsúla a thabhairt do na scoileanna.

Tá cur i bhfeidhm an pholasaí á threorú ag an aonad taobh istigh den Roinn. Chomh maith leis sin tá ról lárnach ag COGG ina chur i bhfeidhm. De bharr sin, ó 2017 ar aghaidh tá buiséad bliantúil breise agus beirt oifigeach breise curtha ar fáil do COGG chun an ról seo a chomhlíonadh. Sin an fáth go bhfuil an tUasal Ó hAiniféin agus an tUasal Ní Mhóráin linn inniu. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun ár mbuíochas a ghabháil le COGG as an tacaíocht agus as an gcomhoibriú a chuireann sé ar fáil don Roinn i gcur i bhfeidhm na hoibre seo. Is mian liom freisin mo bhuíochas a ghabháil le baill éagsúla an choiste chomhairligh um polasaí don oideachas Gaeltachta. Cuireann siad comhairle agus aiseolas ar fáil dúinn. Buaileann an coiste le chéile trí huaire sa bhliain. Bhí cruinniú againn le déanaí ar an gCeathrú Rua. Tá na cruinnithe seo agus an cabhair a thugann an coiste dúinn an-úsáideach ar fad.

Ó thaobh chur i bhfeidhm an pholasaí go dtí seo, cuireadh buiséad de €1 milliún dúinn sa chéad bhliain. Tá an buiséad sin ag dul i méid ó shin go dtí thart ar €5 milliún i mbliana. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn i gcur i bhfeidhm an pholasaí. Ceann de phríomhghníomhartha an pholasaí ná an scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta. Cuireann an scéim deis ar fáil do scoileanna i limistéir phleanála teanga Gaeltachta aitheantas a ghnóthú mar scoileanna Gaeltachta. Bíonn an t-aitheantas sin bunaithe ar chritéir theanga-bhunaithe a chomhlíonadh agus ar an mbonn go mbíonn na scoileanna páirteach sa phróiseas phleanáil teanga faoi Acht na Gaeltachta. Is é príomhchuspóir na scéime ná líon na scoileanna sa Ghaeltacht a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge a mhéadú agus oideachas ar ardcháilíocht a sholáthar iontu. Go dtí seo tá 80% de na bunscoileanna agus gach ceann de na hiarbhunscoileanna Gaeltachta páirteach sa scéim aitheantais. Tugadh an deis do na scoileanna eile nach bhfuil sa scéim a bheith rannpháirteach ann in 2017, 2018 agus 2019. Tháinig iarbhunscoil amháin, an ceann deireanach, isteach i mbliana agus tá áthas an domhain orainn gur tháinig.

Tá pacáiste tacaíochtaí á sholáthar do gach scoil. San áireamh sa phacáiste seo tá deontas de €1,200 gach bliain chun acmhainní teagaisc trí mheán na Gaeilge a cheannach; uaireanta breise do mhúinteoirí chun tacaíocht teanga a thabhairt, a chosnóidh níos mó na €2.6 milliún i mbliana; agus forbairt ghairmiúil a sholáthraíonn COGG. Dearann agus soláthraíonn oifigigh COGG clár leathan d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach do scoileanna atá sa scéim.

Déanann an cigireacht cuairteanna comhairleacha ar na scoileanna. Ó thús na scéime tá níos mó ná 500 cuairt déanta againn ar na scoileanna sa scéim. Cuireann na cigirí comhairle ar na múinteoirí agus ar na príomhoidí faoin tumoideachas agus faoi na critéir theanga-bhunaithe sna scoileanna. Anuas air sin, foilsíodh treoirlínte ar dhea-chleachtas don tumoideachas do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna, i gcomhoibriú le COGG, agus raon de threoirlínte eile. Tá treoir á ullmhú ag COGG faoi láthair maidir leis an aistriú ón naíonra go dtí an bhunscoil do naíonáin. Tá athrú mór le déanamh ag daltaí ag an aois sin.

Go dtí seo, tá dul chun cinn feicthe againn sna scoileanna. Tá úsáid rathúil ag scoileanna ar an bpróiseas féinmheastóireachta chun spriocanna feabhsúcháin a rianú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Feicfimid go bhfuil cur i bhfeidhm an luath-thumoideachais i ranganna na naíonán ag tosú agus go bhfuil sé ar siúl i ngach bunscoil atá páirteach sa scéim. Tá úsáid na Gaeilge ag treisiú mar mheán teagaisc agus mar mheán cumarsáide sna scoileanna. Tá dearcadh maith ag lucht na scoileanna ar an scéim. Faighfimid litreacha agus eolas ó na scoileanna go bhfuil ag éirí leo múineadh trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn.

Tá gnéithe eile den scéim luaite sa nóta a thugamar don choiste. Ceann amháin ná an tionscadal píolótach ríomh-mhoil nó e-hub. Seo scéim atá bunaithe againn ar bhonn píolótach chun ábhair nach bhfuil ar fáil sna scoileanna a mhúineadh ar an Idirlíon chun iad a chur ar fáil do scoileanna nach bhfuil fáil acu orthu faoi láthair. Bhaineamar triail as sa bhliain scoile atá ag críochnú anois. Chuireamar ceachtanna ar siúl don idirbhliain. Bhain roinnt mhaith scoláirí i sé iarbhunscoileanna éagsúla triail as. Beidh scoláirí ag tabhairt faoin bhfisic ar ardleibhéal san ardteistiméireacht an bhliain seo chugainn don chéad uair. Tá sé iarbhunscoil againn sa scéim sin. Beidh 14 scoláire ag tabhairt faoin ábhar sin. Mheall na ceachtanna a fuair siad san idirbhliain isteach iad.

Tionscadal eile ná Forás. Is tionscadal a bhunaíomar in dhá scoil ar bhonn píolótach. Tugann an scéim seo beirt mhúinteoir sa bhreis do scoileanna chun tacú le scoláirí nach bhfuil mórán de Ghaeilge acu ach atá ag tabhairt faoin gcuraclam trí mheán na Gaeilge chun Gaeilge na daltaí sin a fheabhsú.

Tá staidéar taighde agus meastóireachta fad-téarmach bunaithe againn leis an bhForas Taighde ar Oideachas, ERC, agus leis an gcigireacht. Beidh measúnú fad-téarmach á dhéanamh ar dul i bhfeidhm na scéime.

Chomh maith leis an obair sin atá luaite agam, chuireamar pacáiste tacaíochta breise ar fáil do na scoileanna ar na hoileáin. D'ardaigh baill den choiste seo ceist faoi sin nuair a bhíomar anseo cheana agus bheartaíomar beart tacaíochta breise, anuas ar na tacaíochtaí eile a fhaigheann siad faoin scéim, a thabhairt do na hiarbhunscoileanna ar na hoileáin. Clúdaíonn an pacáiste sin uaireanta agus airgead sa bhreis.

Ceist mhór a luadh anseo cheana ná an easpa múinteoirí le cumas sa Ghaeilge. Tá obair tosaithe againn ar roinnt céimeanna chun déileáil leis an bhfadhb sin. Tá dhá chúrsa nua bunaithe do mhúinteoirí. Ceann dóibh ná an mháistreacht san oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Tá an mháistreacht sin dírithe ar mhúinteoirí atá ag obair sna scoileanna faoi láthair. Díríonn sé ar an tumoideachas, ar a cur i bhfeidhm, agus ar thuiscint na múinteoirí sin ar na dúshláin a titeann amach nuair a mbítear ag obair i scoileanna Gaeltachta nó lán-Ghaeilge a fheabhsú. Bhí an Roinn sásta 30 áit a chur ar fáil ar an gcúrsa sin. Chuaigh 23 isteach ar an gcúrsa. Tharraing beirt siar ar fáthanna éagsúla pearsanta so tá 21 ar an gcúrsa faoi láthair.

Tá cúrsa baitsiléara san oideachas le tosú i gColáiste Mhuire, Marino. Tosóidh an chéad rang i mí Mheán Fómhair seo chugainn. De réir dealraimh, tá éileamh maith ar na háiteanna sin. Arís, beidh suas le 30 áit le fáil ar an gcúrsa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.