Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnithe

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Freagróidh mé an cheist dheireanach ar dtús. Go bhfios dom, níl aon chéim glactha. Tá iarratas déanta againn go mbreathnófar ar sin. Mar a luaigh an Teachta, tá sé sa pholasaí oideachais Gaeltachta so tá sé aontaithe go dtarlóidh sé. Níl amchlár againn dó sin agus tá mé ag impí ar an gcoiste seo é sin a bheith mar thosaíocht aige chun cabhrú linne ár gcuid oibre a dhéanamh. Tá sé an-chasta a bheith ag feidhmiú sa tslí atáimid faoi láthair. Tá gá le hionstraim reachtúil nó athrú beag ar an Acht Oideachas 1998 féin chun an chumhacht sin a thabhairt dúinn a bheith inár bhfostóir. Tá sé sin riachtanach agus sinn ag dul chun cinn mar beidh freagracht breise ag titim ar COGG sna blianta atá romhainn leis an obair ar fad atá le déanamh.

Chun teacht go dtí ceist an tSeanadóra Ruane, tá sé an-suimiúil a bheith ag éisteacht léi mar gheall ar na mothúcháin agus conas a mhothaíonn daoine nuair is foghlaimeoirí Gaeilge iad. An t-am is fearr chun dul i ngleic leis an dúshlán sin ná ag an luathoideachas nuair atá páistí an-óg ar fad. Ní chuireann na mothúcháin sin isteach ar pháistí óga nuair a bhíonn siad tumtha sa dara teanga. Glacann siad leis mar ghnáthchuid den saol. Tá an-obair le déanamh sa chóras réamhscolaíochta trí mheán na Gaeilge agus sa chóras bunscolaíochta ag an leibhéal is ísle. Tá go leor gur féidir linn a dhéanamh ansin. Táimid ag plé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun clár comhtháite do theagasc na Gaeilge dírithe ar scoileanna Béarla a fhorbairt. Tá an obair sin ar siúl go leanúnach agus táimid ag plé le cúrsaí a bhaineann le procurement agus mar sin de. Bhí cruinniú faoin ábhar sin ar maidin fiú agus tá dul chun cinn á dhéanamh de réir a chéile. Is togra an-mhór agus costasach a bheidh ansin ach is gá an t-airgead a chaitheamh chun go mbeidh na hacmhainní is fearr ar fáil do na múinteoirí agus do na daltaí inár scoileanna.

Mar fhreagra tapa, caithfimid díriú ar an leibhéal is óige, an réamhoideachas trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus plean chuige sin a leagan amach. Ansin, tá gá le forbairt bhreise a dhéanamh ar na hacmhainní atá ar fáil, mar a tharla i gcás Séideán Sí, mar shampla, do na scoileanna Gaeltachta agus do na Gaelscoileanna timpeall 19 mbliana ó shin. Tá a leithéid idir lámha againn. Sin cuid den fhreagra ach tá gá chomh maith le forbairt ghairmiúil leanúnach a bheith ar fáil do mhúinteoirí atá ag múineadh inár scoileanna agus atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla, is é sin le rá, cúrsaí aitheanta de gach saghas ó leibhéal deireadh seachtaine suas go dtí an teastas Eorpach sa Ghaeilge, TEG, a bheith ar fáil do mhúinteoirí agus aitheantas chuige sin chomh maith le cúrsaí samhraidh Gaeltachta agus mar sin de chun go mbeidh siadsan níos muiníní i múineadh na Gaeilge. Baineann foghlaim teanga leis na mothúcháin ach go háirithe. Más féidir linn na mothúcháin a fháil i gceart, beidh seans againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.