Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 9 April 2019
Joint Oireachtas Committee on Education and Skills
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnithe
Jan O'Sullivan (Limerick City, Labour) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó hAiniféin. Ar dtús, gabhaim comhghairdeas leis as an obair atá déanta ag COGG sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna eile freisin. Tagraím don cheist a bhí ag an Seanadóir Ruane. Ar mhaith leis an Uasal Ó hAiniféin rud eile a rá faoi shonraíocht T1 agus T2 san ardteistiméireacht? Bhí an tUasal Ó hAiniféin ag caint mar gheall ar dhaoine a fhostú i gCOGG. An bhfuil aon chéim glactha maidir leis an leasú reachtaíochta a gealladh sa phlean oideachais Gaeltachta ionas go mbeidh údarás ag COGG féin baill fhoirne a fhostú?
No comments