Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 April 2019
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na moil digiteacha. Tá ceann i nGaoth Dobhair. Cuireann sé seirbhís ar fáil do dhaoine a bhfuil post acu i mBaile Átha Cliath agus atá abálta obair sa bhaile. Tá páirc gnó ag Údarás na Gaeltachta sa pharóiste in aice leis, Cloich Chionnaola.
Bhain ceann de na gnóthaí ann, Celsius, gradam Deloitte and Touche top 50 amach mar cheann de na comhlachtaí atá ag déanamh easpórtála. Tá siad ag déanamh rudaí a bhaineann le temperatures in óstáin agus refrigeration sna hotharlanna agus a leithéid mar sin ach níl leathanbhanda sa pháirc ghnó sin. Mura bhfuil comhlachtaí mar sin in ann ábalta leathanbhanda a bheith acu, tá deacracht ann fá choinne daoine as Cloich Chionnaola agus Gort an Choirce atá ag obair i mBaile Átha Cliath agus atá ag iarraidh agus ábalta a bheith sa bhaile dá mbeadh na seirbhísí sin acu. Caithfimid níos mó a dhéanamh. Tuigim go bhfuil rudaí beaga ag tarlú.
No comments