Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 April 2019
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Tá go leor faisnéise agus staitisticí istigh sa leabhrán. Tá sé sin ann ní amháin dúinn, don údarás nó don fhoras, ach don státchóras uilig le húsáid a bhaint as. Tá ábhar machnaimh sa tuarascáil don dream a chuireann seirbhísí poiblí ar fáil. Aontaím leis an Teachta faoi sin. Táim cinnte go bhfuil an Seanadóir ag seoladh cóipeanna chuig na Ranna eile. Fuair muid féin cóip sa Roinn. Dírímid ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí eacnamaíochta istigh sa Ghaeltacht ach tá rudaí eile ann nach bhfuil aon smacht againn orthu mar Roinn. Táimid in ann aird na n-eagras éagsúil a tharraingt ar na nithe sin. Beimid ag déanamh é sin.
Maidir le cúpla rud eile a luaigh an Teachta agus an Seanadóir Ó Céidigh, ní thagann go leor de na gasúir ar ais a chaillimid nuair a théann siad ag an ollscoil. Aithnímid uilig é sin. Tá cónaí orainn sa nGaeltacht muid féin agus feicfimid é chuile lá. Tá cúpla straitéis ag an údarás. Táim ag ceapadh go dtacódh sé le dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Is é an chéad cheann ná an gréasáin de mhoil dhigiteacha timpeall na nGaeltachtaí. Fuair an t-údarás go leor airgid ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le haghaidh an gréasán sin a thógáil. Tá ceann ar bun i mo cheantar féin, an Spidéal. Tá sé á thógáil faoi láthair. Tá ceann eile ar an gCeathrú Rua. I gceann cúpla bliain eile beidh siad caite chuile áit timpeall na nGaeltachtaí agus ar na hoileáin.
Is é an buntáiste atá leis sin ná go gcruthaíonn sé spás do dhaoine aonáracha, b'fhéidir daoine atá ag obair taobh thiar de Ghaillimh, teacht ar ais go dtí leithéidí an Spidéil agus gnólachtaí beaga a bhunú i gceann de na spásanna seo, áit a bhfuil seirbhís leathanbhanda d'ardluas ann. Beidh siad in ann coincheapanna a chur le chéile agus gnólachtaí nua a bhunú. Mar a thuigeann an Teachta féin, má fhaightear na daoine sin ar ais chun a bheith ag obair sa cheantar, gheofar luach breise astu. Beidh siad ag plé leis an gCumann Lúthchleas Gael agus le cumainn éagsúla eile ar nós cumann dramaíochta. Beidh níos mó ama acu seachas a bheith ag taisteal dhá uair a chloig in aghaidh an lae soir go Parkmore nó áit eile ar an taobh eile de Ghaillimh. Gheofar luach breise ar ais uathu. Samhlaím gur cuid den jigsaw é sin. Ní réiteoidh sé gach fadhb. Beidh níos mó airgid ag dul isteach san údarás i mbliana ónar Roinn féin agus ón Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail. Cuirimid fáilte roimh an tacaíocht sin.
Tá straitéis nua ag an údarás le díriú ar an diaspóra freisin le daoine a mhealladh ar ais. Is cineál éiceachórais é seo. Bím ag úsáid an focal sin go minic. Caithfear deiseanna a chruthú chun daoine atá sa diaspóra a mhealladh ar ais. Leis an ngréasán de mhoil digiteacha seo, beidh cuid dóibh ag déanamh machnaimh ar teacht ar ais lena gcuid clanna, rud a chuirfear le huimhreacha sa scoileanna. Is céimeanna beaga iad atá le cur leis an bpictiúr iomlán. Déanfaidh an dá rud sin - na moil digiteacha agus an straitéis atá dírithe ar an diaspóra - difríocht sa spás sin.
No comments