Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal ach beidh orm imeacht go dtí an Coiste um Iompar, Turasóireacht agus Spóirt. Tá ceisteanna móra á phlé ansin díreach anois agus tá brón orm go mbeidh orm imeacht i gcúpla nóiméad. Tá mé fíorbhuíoch den Teachta as ucht an tacaíocht don doiciméad seo. Ní haon ionadh é gur luaigh an Teachta a thacaíocht agus labhair sé mar gheall ar san AV room agus an cur i láthair a bhí againn ansin.

Tagraím do na rudaí móra a chuir iontas orm. Ceann amháin ab ea é ná na difríochtaí atá ann idir ceantair Ghaeltachta éagsúla. Luaigh an Teachta Toraigh mar shampla. Tá os cionn 40% dífhostaithe ar Thoraigh. Some 40% are unemployed. Ansin, tagraím don obair agus an taighde a rinne na leaids ar cén áit a bhfuilimid ó thaobh cúrsaí sóisialta agus eacnamaíocha de. Tá cuid de na Gaeltachtaí agus is féidir iad a chur ar an leibhéal céanna ar nós tíortha tríú domhanda. Mar Ghaeilgeoir, duine Gaeltachta agus duine go bhfuil fíorbhródúil as an tír seo, mar atá an Teachta agus mar atáimid uilig, cuireann sé díomá orm gur ar bhealach, níor thug muid faoi, agus níl mé ag cur milleán ar aon duine agus níl sé seo ag brath ar dhaoine nó ar Airí nó ar éinne mar sin, nár éirigh linn tabhairt faoi cuid de na fadhbanna is mó. Mar a dúirt mé cúpla uair cheana, b'fhéidir go bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt ar Dorchester Avenue i mBostún nó mar atá b'fhéidir thiar i Ros Muc nó i Leitir Móir, mar shampla.

An dara rud a chuir as dom ná Toraigh agus Maigh Eo ach go speisialta. Luadh anseo ar ball i gcur i láthair go bhfuil i bhfad níos mó den daonra ina seandaoine agus daoine óga ach i lár báire níl mórán daoine ar chor ar bith le hais an chuid eile den tír. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na daoine go bhfuil an fuinneamh acu, daoine óga, gasúir meánscoile, mic léinn tríú leibhéil agus mar sin de, imithe ag obair áit éicint eile. B'fhéidir go bhfuil siad imithe go Baile Átha Cliath, go cathair na Gaillimhe, go Bostún, go Sydney nó go dtí áit éicint mar sin. Ba mhaith liom Mr. Gleeson a thabhairt isteach air seo but my sense is that we are losing the key energy. We have some young kids and we have a very ageing population but we have nothing in between to keep our economy and our society living and thriving. The more European and the more worldwide and global we get, the more important it is that we hold onto who we are as a people. It scares me that we are losing that. I would like if Mr. Gleeson would come in and verify or challenge what I am saying in an overall picture.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.