Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas fá choinne na cuir i láthair ó thaobh na tuarascála de. Bhí deis againn san AV room é seo a fheiceáil ní ba luaithe. Tá obair faoi leith déanta ag an Seanadóir Ó Céidigh agus ag a chomhghleacaithe leis seo a chur chun tosaigh. Mar a dúirt sé, ní polasaí é seo ach tairgeann sé go cuimsitheach an t-eolas uilig atá amuigh ansin agus atá scaipthe thart ag an CSO agus ag foinsí eile le chéile. Cuireann sé pictiúr iontach soiléir os ár gcomhair go bhfuil fadhb faoi leith sna Gaeltachtaí agus fiú amháin, nuair a théitear isteach níos mine ansin, go bhfuil Gaeltachtaí faoi leith atá thíos leis níos mó ná Gaeltachtaí eile, mo Ghaeltacht ina measc ó thaobh Dhún na nGall agus Mhaigh Eo in aice leis.

Ceann de na ceisteanna a chuirfinn ar an Seanadóir ná, nuair a chuir sé é seo uilig le chéile, agus fios aige ar chúrsaí Gaeltachta mar dhuine sa Ghaeltacht, ar chuir rud ar bith iontas air b'fhéidir nach raibh eolas aige air roimhe sin? Tá mise ag amharc ar na figiúirí seo agus ceann de na rudaí a sheasann amach dom ná, má amharcaim ar mo cheantar féin i nGaeltacht Thír Chonaill agus má amharcaim ar na hoileáin ar nós Árainn Mhór agus Toraigh i gcúrsaí fostaíochta de, tá sé briste síos ó thaobh talmhaíochta, coillte agus iascaireachta de. Ar Árainn Mhór tá níos lú ná cúigear fostaithe sna hearnálacha sin. Níl a fhios againn ach b'fhéidir go bhfuil triúr i dtalmhaíocht agus beirt san iascaireacht ach má théimid go dtí Toraigh, áit ina bhfuil 26 duine le post, níl aon duine acu fostaithe i gcúrsaí iascaireachta. Seasann sé sin amach go láidir domsa mar is oileán atá suite i lár na farraige é agus tá fadbhanna móra ansin ó thaobh dífhostaíochta mar fheicimid an leibhéal dífhostaíochta is airde i nGaeltacht ar bith ann. Níl siad ábalta dul i mbun na hiascaireachta mar shlí beatha. Dá mbeadh muid ag amharc ar na figiúirí seo b'fhéidir 60 bliain ó shin, bheadh muid ag amharc ar fhostaíocht i bhfad níos fearr ná mar atá sé inniu agus an mórchuid den fhostaíocht sin ag teacht as an iascaireacht agus an talmhaíocht. Ní bheadh mórán fostaíochta ó thaobh coillte de ach bheadh an mhórchuid ansin agus bheadh na poirt agus na calafoirt lán le hiascairí as na hoileáin sin.

Caidé a sheas amach don Seanadóir nach raibh a fhios aige faoi roimhe sin nó cad a sheas amach dó ó thaobh na tuarascála de?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.