Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Táim an-bhuíoch as an gcuireadh ar thug an coiste dúinn teacht anseo chun an tuarascáil seo a chur os a chomhair agus ina láthair. Tháinig sé seo ón dearcadh a bhí agam don tábhacht a bhaineann le hanailís eolaíochta a fháil ar chúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta na tíre. Mar dhuine ar rugadh agus tógadh é i nGaeltacht Chonamara, agus a bhfuil cónaí air ann go fóill, cheap mé gurb é an áit is fearr le tosú ná breathnú ar na Gaeltachtaí ar fud na hÉireann. Chuige sin, le tacaíocht ó mo rúnaí, Cáit Nic Amhlaoibh, thosaigh muid ag déanamh roinnt staidéir agus taighde ar an mbealach is fearr a fháil amach go díreach céard atá sa bpictiúr nó ar an scáileán maidir le cúrsaí sóisalta agus eacnamaíochta i bpobail na Gaeltachta éagsúla ar fud na tíre, is é sin sa seacht gceantar Gaeltachta a luaigh an Cathaoirleach.

Ghabh muid ansin go Peter Browne, stiúrthóir an Comhairle um Thaighde in Éirinn, the Irish Research Council. Phléigh muid na tuairimí a bhí againn leis. Chabhraigh sé linn agus chuir sé tuilleadh forbartha ar an smaoineamh nó dearcadh a bhí againn. Chuir sé muid i dteagmháil le hEoghan McCarthy, atá liom anois, le Justin Gleeson, príomhanailísí agus stiúrthóir an All-Island Research Observatory, AIRO, agus leis an Ollamh Linda Connolly a chabhraigh linn ó thaobh chur chuige an doiciméid seo. Chaith muid bliain go leith ag cur an rud seo le chéile. Tá obair bliain go leith i gceist uilig ann. Doiciméad beo a bhí ann. Bhí muid á athrú, á mhéadú, agus á leathnú agus muid ag dul ar aghaidh.

Ní polasaí atá anseo. Níl sé suas dúinn polasaí a chur le chéile. Tá sé suas don Roinn, don Aire, don Rialtas, agus do Theach Laighean input láidir a bheith acu ansin. Is é an bunús atá leis seo ná go mbeadh fíricí agus staitisticí le fáil againn agus leis an dream atá ag plé le cúrsaí teanga, cúrsaí cultúir agus cúrsaí oibre sna Gaeltachtaí ar fad. Ansin beifear in ann na fíricí sin a úsáid chun an polasaí is éifeachtaí a chur ar fáil. Táim an-bhuíoch den Uasal Mac Cormaic agus lena Roinn. Bhí cruinniú againn ar ball beag agus bhí an Roinn breá-sásta tacú leis an doiciméad seo agus lena chur chuige. Cabhróidh an t-eolas seo leis an Roinn agus beidh sé mar input agus an Roinn ag forbairt polasaithe do na Gaeltachtaí ar fad.

Níl mé ag iarraidh dul isteach sna mionphiontí atá ann. Go ginearálta, táimid ag breathnú ar an struchtúr atá sa tír ar fad ó thaobh na nGaeltachtaí de. Téimid isteach ansin sna mionGhaeltachtaí atá sna ceantair ar fad. Dírimíd ar an mórphictiúr den tír ar fad, agus ansin ar an mionphictiúr. An fáth go ndearna muid é sin ná go bhfuil difríochtaí idir ceantair. Mar shampla, tá ráta dífhostaíochta de thart ar 6% i Maigh Cuilinn i nGaillimh. Tá na figiúirí cruinne sa doiciméad. Tá an ráta more or less mar a chéile leis an ráta sa chuid eile den tír. I Mám Trasna, 15 míle siar an bóthar, is é an ráta dífhostaíochta rud éigin leithéidí 14% nó 15%. Níl sé sin ach 15 míle nó deich nóimead siar an bóthar. Tá difríochtaí móra idir ceantair fiú amháin taobh istigh de na Gaeltachtaí. Beidh an t-eolas sin tábhachtach do na daoine a chuireann polasaithe le chéile agus a chuireann iad i bhfeidhm. Cabhraigh sé leo tuiscint gur caithfidh polasaí beagáinín difriúil a bheith ann do roinnt cheantar sna Gaeltachtaí. Tá briseadh síos mion ar phróifíl éagsúla sa tuarascáil. Mar gheall ar Ghaeltacht Chonamara amháin tá sonraí ar an gCeathrú Rua agus ar an Eachréidh. Tá sonraí den saghas sin mar gheall ar na Gaeltachtaí ar fad.

Sin é mo chuid. Táim breá-sásta ceisteanna a fhreagairt ach sin é an mórphictiúr. Beidh mo chomhghleacaithe anseo in ann mioneolas i bhfad níos fearr a chur ar fáil agus ceisteanna a fhreagairt. Más mian le daoine ceisteanna a chur i mBéarla, táimid breá-sásta iad a fhreagairt i mBéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.