Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Socioeconomic Profile of the Seven Gaeltacht Areas in Ireland: Discussion

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht os ár gcomhair. Inniu beimid ag plé tuarascála ar phróifíl shocheacnamaíoch na seacht gceantar Gaeltachta in Éirinn a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite. Saothar fíorthábhachtach atá sa tuarascáil seo. Ba chóir dúinn ar fad é a léamh agus gníomhú dá réir. Tugann an tuarascáil léargas domhain agus cuimsitheach dúinn ar thréithe socheacnamaíocha daonra agus saoil na Gaeltachta faoi láthair. Chomh maith leis sin, tugann sé tuiscint dúinn ar an dúshlán atá os comhair an Rialtais, os comhair comhlachtaí poiblí agus os comhair an phobail i gcoitinne i dtaobh na Gaeltachta amach anseo.

Tá roinnt daoine ann chun cabhrú linn inniu. Cuirim fáilte roimh an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh; an tUasal Justin Gleeson, stiúrthóir an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann in Ollscoil Mhá Nuad; Dr. Breandán Ó Caoimh ón Institiúid um Thaighde Gníomhaí; agus an tUasal Aodhán Mac Cormaic ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Sula gcloisimid ráitis uathu, ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina hainm, ina ainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Meabhraítear do na cuairteoirí a bhfóin phóca a mhúchadh. Cuireann siad isteach ar an gcóras fuaime agus taifid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.