Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Bhí sé cabhrach dúinn an rud a shoiléiriú. Is cinnte go bhfuil bearnaí ollmhóra sa Roinn, cosúil le chuile Roinn eile. Níl an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ina haonar. Bíonn frustrachas orm nuair a chloisim nach bhfuil an t-éileamh ann. Ní bhraitheann sé ar éileamh. Tá sé de cheart ag daoine seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Sin an chéad rud. Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil sé sa Bhunreacht agus go bhfuil sé de cheart ag daoine seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Bunaithe air sin, ba chóir do chuile Roinn seirbhísí a chur ar fáil. Tuigim go raibh deacrachtaí ann ach is dóigh liom go bhfuil beagáinín easpa tuisceana ó thaobh na dualgais atá ar an Roinn, agus ar chuile Roinn eile, seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. B'fhéidir go bhfuil mé beagáinín ró-dhian ar an Roinn. Níl a fhios agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.