Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is é an rud a bhí me á rá ná go mbím ag plé le go leor feirmeoirí i gConamara.

I nGaeltacht Chonamara is é an rogha a dhéanann siad i gcónaí ná an Ghaeilge a úsáid. Bíonn an chuid is mó den páipéarachas ón Roinn i mBéarla. Is é sin chuile chineál litreach faoin spéir. Labhraímid faoi na rudaí sin i nGaeilge agus míním céard atá ar na páipéir seo, i nGaeilge intuigthe, agus réitímid amach na fadhbanna sa bhealach sin. Nuair a thagann cigire na Roinne, níl aon rogha ach plé leis an duine sin i mBéarla. Sa chuid is mó, ní bhíonn an Ghaeilge ag cigire na Roinne a thagann amach. Is eisceacht a bheadh ann dá dtiocfadh cigire le Gaeilge amach. Is é an rud a chuireann iontas orm ná an fhadhb atá againn foireann a fháil. Bhí mé ag déanamh fiosrú beag le cúpla lá anuas agus glacaim leis nach bhfuil cáilíochtaí talmhaíochta ag na daoine seo ach is lucht fíorúcháin iad na státseirbhísigh seo ag leibhéil éagsúla, de réir mar a thuigim. Tá scuainí daoine ag fanacht ar phoist a fháil leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sna Forbacha. San oifig sin tá gach aon duine feidhmiúil ar Ghaeilge a úsáid mar theanga inmheánach na Roinne agus leis an bpobal. Tá an obair ar fad déanta go hinmheánach sa Roinn sin i nGaeilge, na meamraim ar fad san áireamh. Ní hamháin go ndéanann siad plé leis an bpobal i nGaeilge ach go hinmheánach i nGaeilge freisin. Tá caighdeán ard Gaeilge ag teastáil le bheith ag obair sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sna Forbacha agus tá an Roinn thar a bheith dian faoi sin. Ainneoin é sin is uile, níl fadhb acu riamh foireann den scoth a fháil ann. Ní thuigim cén fáth go bhfuil an oiread sin d'fhadhb ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara cúpla duine a chur ar fáil le Gaeilge chun freastal ar Chonamara, ar Thír Chonaill nó ar Chiarraí agus mar sin de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.