Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is mian liom dul i dtreo difriúil. Tá cuid den cheist seo curtha cheana féin. Tá aon tríú d'fhoireann na Roinne báúil don Ghaolainn, ach níl siad compordach a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaolainne nó níl sé ar a gcumas acu a leithéid a dhéanamh. Cad iad na céimeanna nó na roghanna atá ar fáil sa chomhthéacs seo? Cad atá déanta chun cabhrú leis na daoine sin. Tá sé luaite ag na finnéithe go bhfuil cúrsaí Gaolainne á ndéanamh ag 26 duine. An raibh orthu íoc as na cúrsaí sin? An bhfuil an Roinn ag moladh nó ag spreagadh do dhaoine dul i dtreo cúrsaí áirithe chun feabhas a chur ar a gcuid Gaolainne? Tá slua mór i gceist anseo. Tá thart ar 1,000 duine báúil don teanga, ach níl ach fíorbheagán - 26 duine - tar éis aon ghníomh a dhéanamh faoi go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.