Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá an pointe déanta ag an Teachta mar gheall ar chúrsaí ginearálta ina bhfuil an Roinn ag seoladh cigire amach gan an teanga agus tá míthuiscint ann. Tá an pointe déanta ag an Teachta agus aontaím leis sa mhéid is gur pointe ginearálta é, ach níl na sonraí agam nílim chun níos mó a rá faoi. Tiocfaidh mé ar ais chuig na finnéithe ach tá cúpla ceist agam féin.

Tá triúr oifigeach i gceist agus tá liosta. Chun an cheist a chur i gcomhthéacs, cén céatadán den fhoireann uile atá ag an Roinn atá i gceist ansin?

Tá cúpla ceist eile agam. Dúirt na hoifigigh nach bhfuil ach dhá oifig i gceist. Cén chaoi ina ndéanann siad cinneadh maidir le hoifig a lonnú in áit amháin seachas áit eile? Níl aon oifig i dTír Chonaill, mar shampla, nó in aon Ghaeltacht eile taobh amuigh de Chiarraí. Cén chaoi ina ndéantar an cinneadh sin? An bhfuil sé bunaithe ar éileamh?

Tá sé ráite ag na finnéithe go bhfuil an Roinn díreach chun tús a chur le scéim teanga nua. Tá an tOireachtas díreach chun fáil réidh le scéim teanga. Níl an locht ar na finnéithe. Táimid chun reachtaíocht nua a thógáil isteach chomh sciobtha agus is féidir. Nuair a tharlóidh sé sin, beidh deireadh leis an scéim atá ann faoi láthair agus beidh scéim nó caighdeán eile i gceist. Cén sórt machnaimh atá déanta ag na hoifigigh ar an reachtaíocht nua atá le teacht? Tá an t-ábhar seo pléite go mion minic os comhair an choiste seo. Le cúnamh Dé, beidh dualgas níos tromchúisí ar an Roinn ó thaobh na Gaeilge nuair a bheidh an córas nua in áit. Cén sórt machnaimh atá déanta? Cén sórt pleananna atá i gceist? Cén sórt idirghabhála atá déanta ag an Roinn ó thaobh na reachtaíochta nua atá le teacht?

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí an t-oifigeach dátheangach agus an ceistneoir. D'aithin an Roinn go raibh oifigeach dátheangach ag teastáil. Ní thuigim cén fáth nach raibh an Roinn in ann a leithéid d'oifigeach a fháil. Nuair a bheidh an Bille nua achtaithe, beidh sé de dhualgas ar gach uile Roinn i ngach próiseas earcaíochta a chinntiú go bhfuil Gaeilge ag 20% den fhoireann nua a earcaítear. An dtuigeann na hoifigigh go mbeidh ar an Roinn dul i ngleic leis an dualgas sin? Nuair a bhí deacrachtaí ag an Roinn ó thaobh oifigeach Gaeilge a fháil, cad a tharla ina dhiaidh sin? Ar cuireadh an Roinn ar an eolas? Iarraim ar na finnéithe na ceisteanna atá curtha agam a fhreagairt. Ba mhaith liom go gcuirfidís an méid daoine le Gaeilge, agus an triúr oifigeach, i gcomhthéacs. Cé mhéad cigire atá ann?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.