Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An pointe atá mise ag déanamh ná seo. Déan dearmad ar Ros an Mhíl mar is calafort iascaigh é sin agus níl aon bhaint aige sin le talmhaíocht. Is le cúrsaí iascaigh amháin atá Ros an Mhíl. Tá sé sin iontach do na hiascairí ach níl maitheas ar bith ann do na feirmeoirí. Tá mise ag iarraidh díriú isteach ar na feirmeoirí faoi láthair mar tá i bhfad níos mó feirmeoirí i gConamara ná mar atá iascairí.

Deireann an tUasal Mahon go ndéanann an Roinn iarracht cigirí le Gaeilge a chur amach. Sa chás nach gcuireann an Roinn cigirí amach, má tá míthuiscint ann de bharr cúrsaí teanga, ba cheart go ndéarfadh an Roinn nach bhfuil sí in ann feidhmiú i gceart, ní an feirmeoir. Mar sin, sa chás sin, ba cheart go mbeadh an pionós ar an Roinn, ní ar an bhfeirmeoir, agus mar sin, sa chás sonrach a luaigh mé ach i gcás ginearálta freisin, mar is fasach atá sa rud seo ar fad ar nós breithiúnas ar bith, ba cheart don Roinn an milleán a ghlacadh mar nár chuir sí duine le Gaeilge amach agus ní nach ionadh gur éirigh an mhíthuiscint seo faoi céard a chiallaigh an rud seo ar fad mar bhí sé thar a bheith casta. Sa chás sin, ba cheart don Roinn géilleadh go raibh sí mícheart agus gan aon phionós a chur ar an duine seo. Cuirfidh mé mar seo é. Dá gcuirfí amach duine le Béarla amháin chuig feirmeoir sa Fhrainc nach raibh aon Bhéarla aige agus go gcuirfí pionós air dá bharr, an bhfuil an tUasal Mahon ag insint dom go ndéarfadh éinne sa Fhrainc go raibh rialacha an tAontas Eorpach á shárú ó tharla nach raibh aon Bhéarla ag an bhfeirmeoir agus nach raibh aon Fhraincis ag an gcigire? Níl aon rialacha ag baint leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.