Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Níl sé ar intinn agam seirbhís a thosú go hInis Bó Finne. Faoi láthair, tá sé i gceist agam cinnteacht a fháil maidir le seirbhís Aeir Árann, maidir leis an gcéad chonradh eile agus maidir leis an bpróiseas atá ag dul ar aghaidh faoi láthair chun iarracht a dhéanamh Aerfort na Minne a cheannach. Tá na rudaí sin ar intinn agam faoi láthair. Tá cás an-simplí curtha ag an Teachta. Dúirt se go bhfuil na píolótaí agus na heitleáin, srl., ar fáil. Níl aon infreastruchtúr forbartha ar Inis Bó Finne nó sa Chloigeann. Níl seirbhísí dóiteáin ann agus níl foireann ar an talamh. Bheadh breis costais i gceist sa chomhthéacs sin. Is é Aerfort na Minne an príomhrud atá ar m'intinn faoi láthair ó thaobh seirbhísí eitleáin. Beidh costais ar an Roinn agus ar an Rialtas chun é sin a cheannach, ach níl a fhios againn cé mhéad. Táimid ag breathnú air sin amháin faoi láthair. Ina dhiaidh sin, déanfaimid an conradh fadtéarmach d'Oileáin Árann a fhógairt agus tairiscintí a fháil. Tá súil againn go mbeidh conradh á shíniú roimh dheireadh na bliana. Is é sin an méid atá ar m'intinn faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.