Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Creidim go mbeidh an Roinn ag lorg tairiscintí go luath le haghaidh aersheirbhís fhadtéarmach go dtí na hOileáin Árann. Mar chuid den chonradh sin, an bhfuil sé i gceist seirbhís go dtí Inis Bó Finne agus an Cloigeann a chur san áireamh? D'fhéadfaí a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil trí lá sa tseachtain mar thús. Bheadh na heitleáin lonnaithe sna Minne ar aon chaoi. Bheadh costais na bpíolótaí íoctha. Bheadh costais na n-aerfort, ina measc Aerfort na Minne, íoctha. Bheadh costais chothabhála na n-eitleán íoctha. Dá bhrí sin, agus ag tógáil san áireamh go bhfuil na haerstráicí ann, ní chosnódh sé an oiread sin breise an tseirbhís seo a chur ar fáil. An bhfuil sé i gceist seirbhís go hInis Bó Finne a chur san áireamh, ar a laghad ar bhonn roghnaíoch, sa chonradh atá le teacht i bhfeidhm ag deireadh mí Mheán Fómhair seo chugainn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.