Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

No, níor thug muid aon treoir don údarás, seachas a rá go raibh breis acmhainní curtha ar fáil. An uair dheireanach a bhfuair mé an t-airgead breise, bhí a fhios ag Údarás na Gaeltachta céard air a bhíomar ag iarraidh ar an údarás an t-airgead a chaitheamh. Chas mé leis na feidhmeannaigh agus le muintir na gcomharchumann ag an am. Bhí a fhios acu go raibh mé ag iarraidh an t-airgead a chaitheamh ar na comharchumainn. Ba cheart don Teachta an cheist atá curtha aige maidir le pá, srl., a dhíriú ar feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta. D'ardaíodh ceist maidir le pá ar oileán amháin i gContae Chorcaí an uair dheireanach a bhí mé mar Aire Stáit sa Roinn seo, agus cuireadh breis acmhainní ar fáil don oileán sin an bhliain dár gcionn. Tá sé sin luaite sna figiúirí don bhliain 2017 nó 2018. Níl mé cinnte cén bhliain a bhí i gceist. Nuair a cuireadh an cás os ár gcomhair ag an am sin, bhíomar in ann teacht suas le maoiniú. Bhí cás maith acu i gcomparáid le hoileáin eile. Caithfidh mé an treoir a sheiceáil. Sílim gur shínigh mé litir ar aon nós. Níl a fhios agam céard a rinne an tAire, an Teachta McHugh, nuair a bhí sé mar Aire Stáit sa Roinn seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.