Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 March 2019
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An gceapann an tAire Stáit go bhfuil pá idir €30,000 agus €40,000 sásúil do bhainisteoirí na gcomharchumann? An aontaíonn sé gur cheart go mbeadh ardú pá ag dul chucu? Ní féidir leis na coistí aon ardú pá a chur ar fáil, nuair nach bhfuil breis airgid á fháil ón Stát, gan cúraimí breise a thógáil orthu féin. Tá cuid de na bainisteoirí seo ag obair lá agus oíche ar son an phobail ar aon chaoi. Ar thug an Roinn aon treoir don údarás - b'fhéidir i litir shonrach chuig an údarás - faoin gcaoi ina raibh an t-airgead seo le caitheamh? Céard lena aghaidh a bhí sé tugtha?
No comments