Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar a deirim, ní thuigim an cur chuige straitéiseach sin, ach fágfaimid é sin mar atá sé. É sin ráite, i bhfreagraí a fuair mise ón údarás tá sé ag rá go bhfuil sé gann ar airgead le dul ar aghaidh le tograí maithe. Dúirt sé é sin seachtain ó shin. Níl muid ach i mí an Márta. Seo tograí nach gcosnódh mórán airgid, ach fágfaimid é sin mar atá sé mar táimid gann ar am.

Déanaim comhghairdeas leis an Aire, an Teachta McHugh, mar sheas sé leis a ghealltanas agus chuir sé €500,000 breise ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta. É sin ráite, thuig mise go raibh sé sin le tabhairt le déanamh suas an t-easnamh a bhí ann ó thaobh cúnaimh do na comharchumainn agus do na comhlachtaí pobalbhunaithe agus chun acmhainní a chur ar fáil le pá iomaíoch a íoc le bainisteoirí. Bhí beagáinín iontais orm nuair a chonaic mé preasráiteas an údaráis le seachtain anuas. De réir mar a thuigim, tá ar na comharchumainn go leor oibre breise a thabhairt orthu féin leis an airgead seo a fháil. An gceapann an tAire Stáit go bhfuil pá idir €30,000 agus €40,000 sa bhliain réalaíoch do bhainisteoir comharchumainn nó do bhainisteoir comhlachta fhorbartha pobail? Tá siad ag obair go lánaimseartha agus níl siad teoranta d'uaireanta an chloig. Ní oibríonn siad ó 9 a.m. agus 5 p.m. amháin. Tá siad ar fáil don phobal ag cruinnithe, imeachtaí pobail, féilte agus gach uile rud eile.

Ar ndóigh, ní fhaigheann siad ragobair ós rud é go bhfuil siad ag obair ar thuarastal. An gceapann an tAire Stáit gur tuarastal féaráilte agus réalaíoch atá i gceist agus na bainisteoirí ag fáil €34,000 mar phá? An bhfuil sé sásta leis an gcaoi inar chaith Údarás na Gaeltachta an t-airgead breise a chuir an tAire, an Teachta McHugh, ar fáil nuair a bhí sé mar Aire Stáit sa Roinn seo? Cuireadh an t-airgead sin ar fáil ionas go mbeifear in ann dul i ngleic le ceist phá na mbainisteoirí comharchumann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.