Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Má bhreathnaíonn an Teachta ar Pháirc na Mara, tá an t-údarás freagrach as ach tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Bord Iascaigh Mhara, agus Foras na Mara ag obair ar an togra seo freisin. Tá a lán grúpaí, eagraíochtaí agus bord Stáit ag obair ar na tograí sin le chéile. Sin an fáth go bhfuil cistí réigiúnacha na n-Airí, na dTeachtaí Humphreys agus Ring, i gceist freisin. Tá tograí speisialta ag an údarás. Níl buiséad ginearálta i gceist. Ó thaobh an chiste atá ag an Aire, an Teachta Ring, táimid ag caint faoi €1 billiún thar tréimhse deich mbliana. Is é an chéad uair riamh a bhfuil ciste chomh mór sin ann, fiú go gcaithfear páirt de taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá a fhios agam go bhfuil ciste caipitil ag an Roinn Cultúir, Oidhreacht agus Gaeltachta ach is é sin an chéad uair a bhfuil ciste chomh mór sin ann chun leanúint ar aghaidh le tograí faoin tuath. Mar is eol don Teachta, tá ciste eile ag an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil do na ceantair, agus cathracha san áireamh.

Tá an Rialtas ag iarraidh breis acmhainní a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta gach uile bhliain. Mar a dúirt mé, tá dul chun cinn déanta againn. Tá an t-airgead dúbailte le dhá bhliain anuas. Beimid ag lorg níos mó airgid arís sa chéad bhuiséad eile. Tá obair mhaith á déanamh agus tá dul chun cinn maith ann. Tá an t-údarás an-sásta go bhfuair sé an t-airgead ón Rialtas, is cuma cén Roinn ónar tháinig sé, chun dul ar aghaidh lena thograí tábhachtacha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.